Is leacht nó ábhar é díbholaíoch a chuirtear ar an gcorp, go háirithe sna hascaillí, chun tuth an allais a laghdú nó chun é a mhúchadh.

Díbholaíoch de chuid Rexona.

Níl boladh nó tuth ar allas a eascraíonn ó chorp duine. Bíonn boladh míchumhra air nuair a thosaíonn baictéir ag oibriú an allas. Rathaíonn an mionachar seo in áiteanna teomhara agus tais. Is iad na hascaillí ceann dos na háiteanna is teo de ghnáth ar chorp an duine. Solathraíonn faireoga allais maothas agus maireann an mionachar sna háiteanna seo. Cothaíonn na baictéir ar an allas agus craiceann marbh san ascaill agus scaoileann siad aigéad ina gcac. Is é an t-aigéad seo bunús an boladh bréan nach thaitníonn le daoine. Seo an fáth a chaitear díbholaíoch.

Cáitear nó cuimlítear an díbholaíoch ar na hascaillí nó ar áiteanna eile. De ghnáth bíonn leacht cumhraithe sa dhíbholaíoch. Bíonn bolaithe ann oiriúnach d'fhir agus do mhná.