Cailliúint uisce. Sa mhíochaine, ciallaíonn sé ídiú salainn chomh maith. Tarlaíonn cailliúint uisce i nduine nach n-ólann uisce nó nach féidir leis uisce a ól, agus mar thoradh air seo bíonn tart mór air. Nuair a éiríonn sé dian, tarlaíonn mearbhall dó is cóma. Tarlaíonn cailliúint sreabhán a mbíonn salann iontu trí urlacan dian, buinneach, cur iomarcach allais, dónna, nó fual iomarcach (i gcás diaibéitis gan chóireáil). Cuireann a leithéid isteach go suntasach ar an imshruthú fola, ag méadú ráta buailte an chroí, ag laghdú brú na fola, agus ar deireadh, ag cur le cliseadh an imshruthaithe is turraing.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Díhiodráitiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.