Próiseas fiseolaíoch in ainmhithe ina mbristear síos ábhair choimpléascacha bia ag einsímí ina gcomhábhair níos simplí (cosúil le monaishiúicrídí, aimíonaigéid, aigéid shailleacha is ábhair eile) ar féidir leis an gcolainn iad a ionsú is a úsáid sna cealla. In ainmhithe áirithe (cosúil le prótasóin is porifera), díleá iomlán incheallach a bhíonn i gceist. Tógann cill amháin an bia isteach, díleánn é, agus eisfhearann an fuíoll. Braitheann an-chuid ainmhithe ar dhíleá eachtarcheallach go hiomlán (na veirteabraigh is na hartrapóid, mar shampla). Sa chás seo táltar sreabháin atá lán d'einsímí isteach i gcuas chonair an díleá, agus tarlaíonn díleá ansin. In ainmhithe eile (cosúil le céalantrátaigh is moilisc dhébhlaoscacha) tarlaíonn díleá taobh istigh is amuigh de na cealla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Díleá". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.