Táirgeadh dís leictreon is posatrón ag fótón X-ghathach ardfhuinnimh nó gáma-ghathach, ina gcailleann an fótón méid fuinnimh atá dhá oiread an fhuinnimh choibhéisigh i mais an leictreoin ar a laghad. Tarlaíonn sé nuair a théann gáma-ghathanna trí dhamhna ar bith, agus is é an príomh-mhodh ina n-ionsúnn damhna gáma-ghathanna ardfhuinnimh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dísiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.