Is é an dúibniam dúil cheimiceach uimhir a 105. Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Db, agus ainmníodh an dúil seo as Dubna, an baile mór in aice le Moscó sa Rúis, áit a bhfuil lárionad tábhachtach fisice. Is ansin a gineadh an chéad adamh dúibniam riamh, thiar sa bhliain 1974, ach ní raibh glacadh coitianta leis an éileamh a rinne na fisiceoirí Sóivéadacha, agus bhí ainm na dúile seo ina chnámh spairne ar feadh i bhfad, agus na Meiriceánaigh is na Rúisigh ag úsáid a n-ainmneacha féin uirthi. Sa bhliain 1997 bhaist Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) dúibniam ar an dúil.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachDúibniam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Dúibniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachDb agus Unp
Uimhir adamhach105
Cumraíocht leictreon[Rn] 5f¹⁴ 6d³ 7s²
Peiriad, Grúpapeiread 7
grúpa 5
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh agus Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley
Fionnachtain18 Feabhra 1970
EapainmDubna agus Niels Bohr

Cosúil leis na dúile trasúránacha eile, is dúil shintéiseach í an dúibniam. Is é sin, níl teacht air sa dúlra, agus ní bheadh súil agat lena mhalairt, ós rud é nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha ghearrshaolacha aige: má bhí oiread is adamh amháin dúibniam ann nuair a fáisceadh an Domhan as gás-scamall an Ghrianchórais, tháinig meath radaighníomhach ar an adamh sin go gairid ina dhiaidh sin. Mar sin ní féidir meáchan adamhach a shainiú don dúibniam; ina áit sin úsáidtear maisuimhir an iseatóip is cobhsaí, mar atá, Db-268, ina áit. Tá an t-iseatóp sin 28 n-uaire ar leathré, agus is é an cineál meath a thagann air ná eamhnú spontáineach.

Tagairtí cuir in eagar