Is é Dúil Ghrúpa 4 an dara grúpa de mhiotail trasdula sa tábla peiriadach. Tá ceithre dúil ann, mar a leanas; tíotáiniam (Ti), siorcóiniam (Zr), haifniam (Hf), agus rutarfoirdiam (Rf). Tugtar an grúpa tíotáiniam nó an teaghlach tíotáiniam ar an ngrúpa freisin. As tíotáiniam an dúil is éadroime a baisteadh é.

Cumraíochtí na leictreon i nGrúpa 4
Uimhir adamhach Z Dúil Cumraíocht Leictreon
22 Ti, tíotáiniam 2, 8, 10, 2 [Ar] 3d2 4s2
40 Zr, siorcóiniam 2, 8, 18, 10, 2 [Kr]; 4d2 5s2
72 Hf, haifniam 2, 8, 18, 32, 10, 2 [Xe] 4f14 5d2 6s2
104 Rf,rutarfoirdiam 2, 8, 18, 32, 32, 10, 2 [Rn] 5f14 6d2 7s2