Doolish

príomhchathair Oileán Mhanann

Is é Doolish (Béarla: Douglas) príomhchathair Oileán Mhanann agus is é an baile is mó ar an oileán. Tugtar Dúlais ar an gcathair i nGaeilge uaireanta.[1] Tá 27,938 duine ina gcónaí ann, an tríú cuid de phobal an oileáin. Tionóltar Tinbheal (parlaimint Mhanann) sa bhaile. Meastar gur ciall lena ainm Glais Dhubh (focal seanfhaiseanta i nGaeilge an dá thír ar 'sruth' is ea 'glais') ar son na hAbhann Dubh, a ritheann i gcóngar leis an mbaile, nó b'fhéidir Dubh-Ghlas, ar son na habhann sin agus na hAbhann Glas, abhainn eile a aontaíonn leis an Abhainn Dhubh.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDoolish

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°09′00″N 4°28′39″W / 54.15°N 4.4775°W / 54.15; -4.4775
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinMedall Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán27,938 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1670
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistIM1 / IM2 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód01624 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindouglas.im Cuir in eagar ar Wikidata

Radharc ar Bhá Doolish cuir in eagar

 
Radharc ar Bhá Doolish
 
Radharc ar Bhá Doolish: radharc farraige

Tagairtí cuir in eagar

  1. D'úsáid Cathal Ó Sándair an leagan Dúlais ina leabhar Réics Carló ar Oileán Mhanann, mar shampla.
  2. "Ch3 - Surnames and Place-Names of the Isle of Man,1890" (Béarla). www.isle-of-man.com Cuid II ('AFFIXES ONLY'), b) ('Rivers, bogs, etc'). Dáta rochtana: 2018-11-03.