Dúnmharaíodh Ana Kriégel, cailín scoile a bhí ceithre bliana déag, i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath ar 14 Bealtaine 2018.[1][2] Fuarthas a corp i dteach feirme tréigthe ar Bhóthar Chluain Aodha i Leamhcán ar 17 Bealtaine 2018.[3] Bhí Ana básaithe 45 nóiméad tar éis di a teach cónaithe a fhágáil agus bhí iarracht ar éigniú.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Ana Kriégel
Map
 53°21′46″N 6°27′23″W / 53.36278°N 6.45628°W / 53.36278; -6.45628
Cineáldúnmharú
fuadach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Bealtaine 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLeamhcán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachAna Kriégel Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata


Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath

Ciontaíodh beirt déagóirí i ndúnmharú Ana. Bhí na buachaillí 13 bliain ag an am. B'iad na daoine is óige a ciontaíodh i ndúnmharú ó bunaíodh an Stát.[4]

páirc i Coldblow,

Dúnmharú cuir in eagar

Bhuail "Buachaill B" síos chuig teach Ana tráthnóna Dé Luain 14 Bealtaine 2018 agus go ndúirt sé léi go raibh "Buachaill A" ag iarraidh bualadh léi sa pháirc.[5]

Rinneadh ionsaí brúidiúil ar Ana. Fuarthas an corp i seomra dorcha i dteach tréigthe, seanteach feirme, ar imeall Pháirc San Caitríona, agus iallach ar a muineál. Bhí an corp nocht - seachas péire stocaí - ar an urlár. Bhí a cuid gruaige smeartha ar a héadan agus bhí fuil ar a béal agus ar a srón. Bhí a lámh dheas sínte amach aici agus méaracha a láimhe clé faoin iallach ar a muineál, amhail is go raibh sí ag streachailt leis an gceangal agus ag iarradh é a scaoileadh uaithi.[6]

Bhí Ana ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin.

Triail cuir in eagar

Bhí sé séanta ag beirt bhuachaillí, trí bliana déag d'aois sa bhliain 2018, gur dhúnmharaigh siad Ana. Phléadáil duine de na buachaillí, "Boy A", neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.

Chinn an giúiré gur mharaigh an chéad duine acu, "Buachaill A", an cailín óg nuair a rinne sé a ceann agus a muineál a ghortú go dona. Ciontaíodh chomh maith é as ionsaí gnéis foréigneach a dhéanamh uirthi.[7]

Fuarthas gur mheall an dara buachaill, "Buachaill B", an cailín óna teach agus fios aige céard a bhí i ndán di. D’fhéach sé ar an gcailín á hionsaí agus cheil sé eolas ina dhiaidh sin faoin dúnmharú.

Pionós cuir in eagar

Téarma saoil faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill A ach déanfar athbhreithniú ar an bpianbhreith sin faoi cheann 12 bliain féachaint ar cheart é a scoileadh saor.

Téarma 15 bliain faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill B agus déanfar athbhreithniú air sin faoi cheann ocht mbliana.

Sa bhliain 2022, rinne Buachaill B achomharc in aghaidh a chiontaithe agus teastaíonn uaidh fianaise úr a chur faoi bhráid na cúirte..[8]

Ana cuir in eagar

Dúirt an Breitheamh ag an am go raibh beatha Ana ‘an-luachmhar’ agus go n-aireoidh a teaghlach uathu í an chuid eile dá saol.[9] Dúirt sé gur cailín óg folláin a bhí inti a raibh a saol ar fad amach roimpi agus go raibh níos mó ina saol ná an choir seo. Bhí a saol lán le “fuinneamh, spraoi, grá, damhsa agus ceol”.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt máthair Ana Kriégel, Geraldine, nach raibh sa saol ach anó d’uireasa a n-iníne. Bhí Ana “ar an bpáiste is aoibhne ar domhan”, a dúirt sí.[10]

Cúlra cuir in eagar

Ceantar é Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge á labhairt go forleathan ann. Tá Gaelscoil Naomh Pádraig ann, agus Gaelcholáiste.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Conor Gallagher The Irish Times, Irel (2020-09-28). "Ana Kriégel murder trial: The complete story" (en-US). World News Day. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  2. "Two of Ireland's youngest killers sentenced after schoolgirl Ana Kriegel's horror murder". www.9news.com.au. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  3. Nuacht RTÉ (2019-04-30). "Ráitis oscailte i dtriail dhúnmharaithe Ana Kriégel" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2019-11-05). "Téarmaí coinneála gearrtha ar bheirt faoi dhúnmharú Ana Kriégel" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2019-04-30). "Ana Kriégel básaithe 45 nóiméad tar éis di a teach a fhágáil" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2019-05-08). "Cur síos na nGardaí ar conas mar a fuair siad corp Ana Kriégel" (as ga). 
  7. "Beirt bhuachaillí ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  8. Nuacht RTÉ (2022-06-22). "Rialú san Iúil maidir le fianaise úr i gcás Ana Kriégel" (as ga). 
  9. "Pianbhreith shaoil do Bhuachaill A agus téarma 15 bliain do Bhuachaill B as dúnmharú Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.
  10. "‘Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana’ – máthair Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.