Tá Damhsa Gaelach mar chuid de chultúr agus oidhreacht na hÉireann, cosúil leis an teanga dhúchais (Gaeilge) agus an spórt dúchais (Peil Ghaelach agus Iománaíocht). Bunaíodh é in Éireann san ochtú haois déag.

Gúna bróidnithe

An Comhthéacs cuir in eagar

 
Damhsa Gaelach

Stair cuir in eagar

Baineann daoine ar fud an domhain taitneamh as Damhsa Gaelach. Bhí an damhsa Gaelach bunaithe ar na damhsaí a chruthaigh na Ceiltigh agus na draoithe. Bhí sé seo Réamh-Chríostaí[1]. Tá an bhliain inar tháinig damhsa Gaelach go hÉirinn neamhchinnte. Ach, tá naisc idir damhsa Ceilteach agus damhsa nua-aimseartha na hÉireann. Bhí damhsa págánach á chleachtadh ag na Ceiltigh, cosúil leis an Sean-nós[2]. Tharla na damhsaí draíochta ag deasghnátha reiligiúnacha.  Dhamhsaigh siad timpeall i gciorcail timpeall na gcrann naofa.  Bhí damhsaí tíre ag na Ceiltigh, cosúil leis na céimeanna i ndamhsa Gaelach inniu.  Bhí ceol ag gabháil leis an damhsa, de ghnáth, agus tharla sé ar ócáid ​​reiligiúnach. Bhí an 'feis' mar chuid mhór den saol do na Ceiltigh.  Ba iad ceol, ealaín, cultúr agus scéalaíocht na gnéithe den 'fheis'.  Ar ndóigh, bhí ról mór ag damhsa Gaelach freisin. Feis cháiliúil ab ea 'Aonach' a tionóladh ag Cnoc na Teamhrach, ag an Ardrí[2]. Ansin, sa dara haois déag tháinig na Normannaigh go hÉirinn.  Thug siad isteach damhsa ar a dtugtar an ‘Carol’.  Tar éis dul i ngleic le baile nó sráidbhaile, rinne siad an damhsa seo.  Dhéanfadh an ceannaire chanadh, agus bhí na daoine ag damhsa timpeall air[3]. San am atá caite, ba iad na píoba agus na cláirseacha na huirlisí ceoil ba choitianta. Bhí damhsa níos smachtaithe san 18ú haois, mar gheall ar theacht an mháistir rince.

Conradh na Gaeilge cuir in eagar

Bhunaigh Eoin Mac Néill, Dubhghlas de hÍde agus Eoghan Ó Gramhnaigh é. Bunaíodh é i 1893 ar 31 Iúil.  Bhí tionchar ag an eagraíocht ar athbheochan na Gaeilge, sa naoú haois déag.  Ba é an teanga a chaomhnú mar an phríomhaidhm ar an eagraíocht[4].  Ach, theastaigh sé cultúr, spórt agus damhsa na hÉireann a athnuachan. Bhunaigh sé ‘An Coimisiún le Rincí Gaelacha’ i 1930. D'eagraigh an Conradh comórtais fhoirmiúla, ceachtanna agus rialacha den damhsa Gaelach[1]. Tá an Coimisiún freagrach as damhsa Éireannach a fhorbairt agus a chur chun cinn. Soláthraíonn sé cáilíochtaí do mhúinteoirí agus do mholtóirí.  Tá brainsí aige ar fud an domhain.  Gach bliain, eagraíonn é Craobh an Domhain[2]. Múineadh damhsaí grúpa ag cruinnithe Chonradh na Gaeilge.  Ba iad Ballaí Luimnigh agus Ionsaí na hlnse samplaí de na damhsaí grúpa.  Tá siad fós ann inniu ag na céilithe. Bhí an Ghaeilge mar riachtanas do mhúinteoirí an Chonartha, ach, d'fhág go leor máistrí damhsa an scoil roimh an nGaeilge a mhúineadh, dá bhrí sin cailleadh an cultúr níos sine[5].

Ceol cuir in eagar

Mar a luaitear, i measc na n-uirlisí ceoil traidisiúnta damhsa Gaelach bhí an chláirseach, an phíb mhála, nó díreach ag canadh[2].  Ach, sa lá atá inniu ann, tá na damhsaí níos casta.  Mar sin de, tá go leor uirlisí ceoil in úsáid, mar shampla an fhidil, an bodhrán, an fheadóg stáin agus an consairtín. Nuair a bhíonn damhsóir ag iomaíocht i rince aonair, bíonn uirlis ceol aonair ag gabháil leo, go ginearálta.

An Máistir Damhsa cuir in eagar

 
An Máistir Damhsa

Tháinig an máistir damhsa san ochtú haois déag. Ba charachtar fuinniúil agus bríomhar é, agus thaistil sé ar fud na tíre ó shráidbhaile go sráidbhaile. Thug sé ceachtanna do na tuathánaigh[1]. Bhí tionchar tábhachtach aige ar an damhsa. D'fhan sé le teaghlach áitiúil agus thug sé ceacht saor in aisce dá leanaí[6].

Cuireadh damhsaí grúpa le chéile ar an gcaoi seo. Ghlac gach duine páirt i ndamhsaí an ghrúpa. Nuair a shroich tú caighdeán ard, fuair tú damhsa aonair. Ba mhór an onóir é.

Feisteas damhsa Gaelach cuir in eagar

Go ginearálta, caitheann damhsóirí fireanna léine, dílseoidh agus an carbhat le brístí dorcha.  Ar an lámh eile, caitheann damhsóirí ban gúnaí speisialta.  Tá a n-éadaí ranga féin ag gach scoil damhsa Gaelach, freisin.  Tá na gúnaí díreach os cionn na glúine agus pléadáilte, le muinchillí fada agus dearadh éigin spreagtha Ceilteach.  Caithfidh cailíní a gcuid gruaige a chur ina fáinní.



Eagraíochtaí Éagsúla cuir in eagar

Tá go leor eagraíochtaí ar fud an domhain inniu.  Cruthaítear roinnt eagraíochtaí chun na traidisiúin agus an cultúr a choinneáil beo. Déantar eagraíochtaí eile a bhfuil spriocanna acu chun mic léinn a bheith san iomaíocht[7].

An Coimisiún le Rincí Gaelacha[8]

  • Bhunaigh Conradh na Gaeilge “An Coimisiún le Rincí Gaelacha” (The Irish Dancing Commission) i 1930.  Is é an damhsa Gaelach a chur chun cinn mar an phríomhaidhm ar an eagraíocht, na céilithe agus na grúpaí san áireamh.  Chomh maith, teastaíonn sé an teanga a coimeád beo.  Is é an eagraíocht is sine é le haghaidh damhsa iomaíoch.  Tá tionchar aige ar go leor tíortha- An Bhreatain Mhór, Meiriceá Thuaidh, an Astráil, ar fud mhór-roinn na hEorpa, san Afraic Theas agus chomh fada le Meiriceá Theas.  Sna 1960í, chruthaigh an Coimisiún Craobh an Domhain, mar thoradh, leathnaigh sé go mór le spéis ar fud an domhain.

An Comhdháil na Múinteoirí le Rincí Gaelacha[9]

  • Tugtar An Chomhdháil air freisin (The Congress of Irish Dance Teachers).  Bunaíodh é i 1969.  Scartha sé ón gCoimisiún Le Rincí Gaelacha, a bheith ina eagraíocht neamhspleách.  Sa lá atá inniu ann, is é an dara heagraíocht is mó é.  Eagraíonn sé Craobh an Domhain gach bliain freisin.  Léiríonn sé leasanna na múinteoirí damhsa ina chuid próiseas cinnteoireachta.

Cumann Rince Náisiúnta[10]

  • Bhunaigh dhá mhúinteoir déag Cumann Rince Náisiúnta i 1982.  Ba Ita Cadwell ar dhuine de na baill bhunaidh.  Chreid sí gur chóir go mbeadh cead ag gach duine damhsa a dhéanamh.  Is é a mana: “Do not do to others what you would not like done to you”.  Cuireann sé ar chumas damhsóirí ó gach eagraíocht dul san iomaíocht.  Leathnaigh sé síos trí na blianta, tá múinteoirí anois aige i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag, san Ísiltír, sa Bheilg, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil.

Cumann Rince Dea Mheasa[11]

  • Is eagraíocht óg, dinimiciúil agus gairmiúil í 'An Cumann Rince dea Mheasa'.  Is í an aidhm atá leis a cuid ball a thacú agus an damhsa Gaelach a chaomhnú.  Bhunaigh ochtar múinteoir é.  Bhí comhsprioc acu.

World Irish Dance Association[12]

  • Is eagraíocht óg í "WIDA" (The World Irish Dance Association) a bunaíodh chun Damhsa Gaelach a chur chun cinn agus a fhorbairt do ghnó.  Tá sé suite ar mhórthír na hEorpa.  Eagraíonn sé ceardlanna, comórtais agus scrúduithe chun cabhrú le suim a chur chun cinn agus caighdeán a fhorbairt i nDamhsa Gaelach.  Is eagraíocht neamhbhrabúis í.  Bunaíodh é i 2004.  Cuireann sé atmaisféar cairdiúil fáilteach ar fhail.  Faoi láthair, tá sé bunaithe in aon tír is fiche.

Damhsaí Éagsúla cuir in eagar

Tá dhá phríomhchineál gnáthaimh damhsa Gaeilge ann: gnáthaimh chéilí agus gnáthaimh shean-nóis[1].  I ngach cás, tá an stíl fhoirmiúil, gan mórán gluaiseachta fisiciúla, agus céimeanna tapa beachta.  San 18ú agus sa 19ú haois ní bheadh mórán spáis ag daoine: i dteach tábhairne tuaithe beag nó ag damhsaí scioból.

Céilí

  • Ba é seo an cineál damhsa Gaelach ba choitianta. Tá beirt ar a laghad, agus nach mó ná seisear déag duine páirteach sa damhsa[1]. Ba thábhacht mhór iad do mhuintir na hÉireann.  D'fheidhmigh siad mar fheidhm shóisialta thábhachtach do chruinniú cairde, roimh an teilifís agus an raidió[6].  Chomh maith, tharla damhsa ag crosbhóthar, go minic.  D'oibrigh siad mar imeachtaí sóisialta do chomharsana bualadh leo.

Sean-nós (amhránaíocht)

  • Tá baint mhór ag damhsa ar an sean-nós le Conamara, ciallaíonn sé damhsa ‘seanstíl’.  Tá an cineál damhsa seo íseal ar an talamh[6]. Maidir le damhsa ar an sean-nós, déantar gach céim a rince faoi dhó, uair amháin le gach cos, agus níl na hairm chomh docht i gcomparáid le gnáthaimh eile. Tagann gach cineál damhsa i gceann amháin de dhá chatagóir: bróga boga nó bróg chrua. Damhsaí i mbróga boga: an ríl, an port luascach agus an port singil / Damhsaí i mbróga crua: an cornphíopa agus an port trom.

Comórtais cuir in eagar

Roinntear comórtais de réir aoise agus suímh, idir chomórtais chontae agus chomórtais réigiúnacha agus náisiúnta. Scóráiltear damhsóirí ar theicníc, ar uainiú agus ar fhuaimeanna as a gcuid bróga. Tá rialacha agus critéir an-docht ag gach comórtas maidir le cáilíochtaí, agus tá an próiseas iomlán an-iomaíoch idir damhsóirí agus múinteoirí.

Thosaigh an Coimisiún le Rincí Gaelacha reáchtáil Craobhchomórtais an Domhain i 1970, agus tá siad fós ar siúl gach bliain i gcúinne difriúil den domhan. Tá os cionn 6,000 damhsóir iontu ó 30 tír ar fud an domhain[8].

I 2012 cheiliúir Cumann Rince Náisiúnta a 30 bliain agus sheol siad na Craobhacha Oscailte na Cruinne. Reáchtáladh an chéad Chraobhchomórtais Dhomhanda le Cumann Rince Náisiúnta i dteach Ceoldrámaíochta Loch Garman a bhfuil cáil mhór air. Is imeacht bliantúil é seo anois in áiteanna éagsúla ar fud na tíre[10].

Leibhéil Éagsúla cuir in eagar

Tá leibhéil éagsúla i ndamhsa Gaelach, ó thosaitheoirí go damhsóir craobhchomórtais oscailte.  Tá critéir éagsúla ag gach eagraíocht nach mór duit a bhaint amach.  Laistigh de, is féidir le damhsóirí sinsearacha eagraíochtaí áirithe a bheith ina 'mháistir rince'.

Maidir leis na leibhéil laistigh den Chumann Rince Náisiúnta, is iad seo a leanas iad:

  • Bunghrád
  • Ullmhúchán
  • Meanghrád
  • Ardghrád
  • Craobhghrád

Is é 'Craobhghrád' an leibhéal is airde. Is féidir le seaimpíní dul in iomaíocht lena chéile sa chatagóir seo. Ar an bhunleibhéal, áirítear sa damhsa an ríl, an port luascach agus an port singil. Ní fhoghlaimíonn na daltaí na damhsaí bróg chrua go dtí go n-aistríonn siad suas go dtí an dara leibhéal, agus is é 'Ullmhúchán' an ceann sin. Chomh maith le comórtais damhsa aonair, is féidir le daltaí dul san iomaíocht i ngrúpaí. Le blianta beaga anuas, cuireadh drámaí leis an siollabas, mar a ndéanann scoil damhsa drámaíocht aitheanta trí dhamhsa Gaelach, mar shampla: The Lion King. Tá comórtais stíl saor in aisce ann freisin, áit a gcuireann damhsa Gaelach chéile le damhsa eile chun gné chomhaimseartha a chruthú. Tá damhsa Gaelach ag athrú i gcónaí, chun an domhan atá ag athrú a chorprú.

Riverdance cuir in eagar

 
Michael Flatley

Craoladh Riverdance don chéad uair i 1994 ag an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i mBaile Átha Cliath[1].

Mhair sé seacht nóiméad.  Is iad Jean Butler agus Michael Flatley a rinne an damhsa seo.  Bhí 'Ceolfhoireann Choirme RTÉ' in éineacht leis an damhsa.  Ag leanúint ar aghaidh leis an rath ag an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse, chuaigh an seó bunaidh ar thuras ansin ar fud an domhain ar feadh cúig bliana déag.  Rinneadh an seó deiridh i 2011.  Tá léiriúchán beaga eile ann a thaistealaíonn freisin ar fud an domhain, mar shampla: Heartbeat of home agus Lord of the dance.  Cinntíonn sé seo go bhfuil áit ag damhsa na hÉireann ar an stáitse domhanda le blianta fada.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Claddagh Design. (2017). Everything you Need to Know about Irish Dancing. Ar fáil: https://www.claddaghdesign.com/history/everything-need-know-irish-dancing/. Dáta rochtana: 28/03/2019.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Celtic Steps. (2019). The History of Irish Dance. Ar fáil: https://www.celticsteps.ie/our-story/the-history-of-irish-song-music-dance/. Dáta rochtana: 30/03/2019.
  3. Flynn, Arthur (1998). Irish Dance. US: Pelican Publishing Company.
  4. Van Essen, Geraldine (2006). Attitudes of Anglo-Irish Writers to the Irish Language. Netherlands: Doctoraal Celtic Studies.
  5. Brennan, Helen. (1994). Reinventing Tradition: the boundaries of Irish dance. Ar fáil: https://www.historyireland.com/18th-19th-century-history/reinventing-tradition-the-boundaries-of-irish-dance-by-helen-brennan/. Dáta rochtana: 30/03/2019.
  6. 6.0 6.1 6.2 BBC. (2009). A Short History of Irish Dance. Ar fáil: http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/741/english/. Dáta rochtana: 28/03/2019.
  7. Irish Dance Today. (2019). Irish Dance Organisations. Ar fáil: http://www.irishdancetoday.com/irish-dance-organizations/. Dáta rochtana: 01/04/2019.
  8. 8.0 8.1 An Coimisiún Le Rincí Gaelacha. (2017). History of An Coimisiún le Rincí Gaelacha. Ar fáil: http://www.clrg.dance/index.php/en/about-us/history-of-an-coimisi%C3%BAn-le-rinc%C3%AD-gaelacha.html. Dáta rochtana: 01/04/2019.
  9. Wikipedia. (2019). Comhdháil na Múinteoirí le Rincí Gaelacha. Ar fáil: https://en.wikipedia.org/wiki/Comhdh%C3%A1il_na_M%C3%BAinteoir%C3%AD_le_Rinc%C3%AD_Gaelacha. Dáta rochtana: 01/04/2019.
  10. 10.0 10.1 Cumann Rince Náisiúnta . (2019). CRN About Us. Ar fáil: http://www.crn.ie/. Dáta rochtana: 01/04/2019.
  11. Cumann Rince Dea Mheasa. (2019). CRDM About Us. Ar fáil: http://www.crdm.ie/. Dáta rochtana: 01/04/2019.
  12. WIDA. (2019). World Irish Dance Association About. Ar fáil: http://www.irish.dance/. Dáta rochtana: 01/04/2019.