Damien Rice

amhránaí Éireannach

Is ceoltóir Éireannach é Damien Rice (rugadh 7 Nollaig, 1973) a saoladh i gContae Chill Dara. Bhí an t-albam aige O an-rathúil.

Infotaula de personaDamien Rice

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Nollaig 1973
50 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Sailéaiseach, Cill Droichid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, léiritheoir ceirníní, giotáraí, pianódóir, ealaíontóir sráide, amhránaí, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1991 –
SeánraCeol tíre agus rac-cheol tíre
TeangachaBéarla
UirlisGiotár agus ceol gutha
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáindamienrice.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1534568 Allocine: 189902
Facebook: damienrice Twitter: DamienRice Instagram: damienrice Youtube: UCT6qPO7KIAdo5jgkXRJ1bag Souncloud: damienrice Spotify: 14r9dR01KeBLFfylVSKCZQ iTunes: 2249490 Last fm: Damien+Rice Musicbrainz: 2119beb8-6ac5-4f21-82a4-b831c90c0024 Songkick: 391954 Discogs: 257684 Allmusic: mn0000667584 Deezer: 631 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Ar dtús bhí Rice ina amhránaí don bhanna rac-cheoil Juniper a chuir amach na singil "The World is Dead" (Tá an Domhain Marbh) agus "Weatherman". An lá roimh a thosaigh siad ag déanamh taifead don a gcéad albam le Polygram i 1999, shocraigh sé nach nglacfadh sé leis an treo thráchtála a chur an lipéad brú air a leannúint agus d'éirigh sé as an bhanna. Lean na baill eile Juniper ar aghaidh mar Bell X1.

Bhog sé go dtí an Iodáil faoin tuath, mhair sé go ciúin go dtí gur shocraigh sé filleadh ar an tionscal ceoil ar a théarmaí féin. Ag casadh chuig an giotár fuaimiúil agus amhráin an-phearsanta, chuaigh sé timpeall na hEorpa ag seinnt gan phingin rua go dtí go raibh sé in ann banna a mhealladh agus taispeántais caife i gceantar Átha Cliath a dhéanamh. Ag chur a nasc ádhúil le David Arnold, a dhara col cheathrar, i bhfeidhm, b'fhéidir le Rice O a thaifead. Bhí an-rath idirnáisiúnta aige leis na hamhráin "The Blower's Daughter" agus "Cannonball".

Is iad atá ina bhanna ná Lisa Hannigan (cúlamhránaí agus giotár rithimiúl), Vyvienne Long (dordveidhil), Tomo (drumaí) agus Shane Fitzsimons (dordghiotár). Seinneann Rice an giotár agus tá sé ina phríomhamhránaí.

Bhíodh siad ar thuras leis The Frames go minic, agus tháinig siad ar intinn an phoibill go ghiorracht i ndiaidh an amhránaí Paddy Casey. I 2003 agus 2004 sheinn sé ag Féile Glastonbury. Thug an chéad taispeántas aitheantas dó sa Ríocht Aontaithe.

I 2003 bhuaigh sé an Duais Shortlist Ceoil.

Bhí a amhráin "The Blower's Daughter" agus "Cold Water" páirteach sa scannán Mike Nichols 2004 Closer. Bhí a amhrán "Delicate" le cloisint ar na drámíochta teilifíse Lost agus House. Bhí a shingil "Cannonball" páirteach sa drámaíocht teilifíse The O.C. chomh maith.

Láithrigh sé ar an t-albam nua Tori Amos The Beekeeper, scaoileadh ar 22 Feabhra 2005 ar an amhrán "The Power of Orange Knickers".

Tá Rice gafa san fheachtas cearta daonna chun ceannaire an Burma Aung San Suu Kyi a shaoradh. Chaith Damien Lúnasa/Meán Fómhar 2005 ag taifead leanúint de O a bheidh dóchúil le fáil go luath i 2006. Thóg sé, freisin, an t-am chun seanamhrán Juniper a thaifead, "Cross-eyed Bear" don albam Warchild ("Paiste na gCogadh") nua.

Diosclann cuir in eagar

 
Damien Rice

Albaim cuir in eagar

  • Feabhra 2002 - O
  • Deireadh Fómhar 2002 - O (le DVD breise)
  • Iúil 2003 - Live From The Union Chapel (EP) (Beo ó Séipeal an Aontas)
  • Deireadh Fómhar 2003 - O le 2 amhráin breise
  • Iúil 2004 - B-Sides (EP)
  • Lúnasa 2005 - O (le amhrán nua - Unplayed Piano)
  • Samhain 2006 - 9

Singles cuir in eagar

  • Meán Fómhar 2001 - The Blower's Daughter
  • Bealtaine 2002 - Cannonball
  • Samhan 2002 - Volcano
  • Márta 2003 - Woman Like A Man
  • Aibreán 2004 - Lonelily (Ar vinil amháin)
  • Meitheamh 2004 - Lonely Soldier (le Christy Moore)
  • Meitheamh 2005 - Unplayed Piano

Taispeántais Teilifíse cuir in eagar

Comhoibithe cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar