I miotaseolaíocht na nGael, is í Danu máthairdhia Thuatha Dé Danann, ceann de na céad treibheanna a chuir faoi in Éirinn. Tá baint ar leith aici le Cúige Mumhan, áit ina thugtaí Anu uirthi. Ainmneacha eile a thugtar uirthi ná Dana, Anu agus Don i gcultúr na Breataine Bige. Sean-bhandia atá inti, bandia na n-aibhneacha, toibreacha, draíocht, rath, torthúlachta agus críonnachta. Bandia cogaidh ab ea í ar an taobh eile, cothromaíocht idir olc agus maith.