Darach Ó Catháin

amhránaí Éireannach

Bhain Darach Ó Catháin (30 Meán Fómhair 1922 - 29 Meán Fómhair 1987) cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin de bharr a chuid amhránaíochta ar an sean-nós.[1]

Infotaula de personaDarach Ó Catháin
Beathaisnéis
Breith1922
An Máimín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1987
64/65 bliana d'aois
Leeds, England Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: b8eaead8-8582-419a-b47f-2c73595dffd9 Discogs: 2357441 Cuir in eagar ar Wikidata
Leeds

Saol cuir in eagar

Rugadh Darach Ó Catháin, nó Dudley Kane mar a thugtar air sa taifead breithe Béarla, sa Mháimín, Leitir Móir, Conamara, sa bhliain 1922 agus bhog an teaghlach go Rath Chairn sa bhliain 1935.[2]

D'aistrigh sé féin agus a mhuintir go Ráth Chairn na sa bhliain 1935. Bhog an Cathánach agus a bhean Bríd go Leeds, Yorkshire i 1963 agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol ansiúd ag obair do thógálaithe.[3]

Cailleadh an Cathánach sa bhliain 1987.

Amhránaíocht cuir in eagar

Roghnaigh Seán Ó Riada é mar amhránaí sa cheirnín Reacaireacht an Riadaigh (CEF 010, anois Pléaráca an Riadaigh[4]) agus chum Darach caoineadh air. Ó na 1960idí amach bhí sé ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis.

D'éirigh thar barr leis an albam Traditional Irish Unaccompanied Singing sa bhliain 1975.

I measc na n-amhrán atá le fáil ar a dhlúthdhiosca 'Darach Ó Catháin' tá 'Amhrán na Japs', leagan damanta de 'Oró Sé do Bheatha 'Bhaile[5] agus 'Caisleán Uí Néill'. Tá an dlúthdhiosca sin ar fáil ó Gael Linn.

Bhuaigh iníon le mac deirféar leis Corn Dharach Uí Chadhain ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2008.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dudley Kane: Darach Ó Cathain is here in Leeds" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-05-02.
  2. "Ó CATHÁIN, Darach (1922–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-05-02.
  3. TG4 (2010-07-19). "Darach Ó Catháin - Cérbh É? Singer Iarla Ó Lionaird travels in his footsteps". 
  4. "plearaca-an-riadaigh" (en-GB). Peadar Ó Riada (2017-05-22). Dáta rochtana: 2020-05-02.
  5. Darach Ó Catháin - Óró 'sé do bheatha 'bhaile, 1980, ar RTE