Cumas difríochtaí i dtonnfhaid dathanna a shroicheann an reitine a bhrath. Tá líocha solasíogaire sna cóin (fótaghabhdóirí reitineacha) agus gach ceann díobh íogair do thonnfhaid ar leith. Tarchuireann na cóin eolas códaithe ar feadh néarón áirithe reitineach is na néaróige optaí don inchinn lena phróiseáil is a aireachtáil mar dhathanna.

Scagairí dathanna

I ndaoine, cuimsíonn na cóin líocha atá íogair do sholas dearg, solas glas, is solas gorm. Má bhíonn ceann ar bith de na líocha seo as láthair, bíonn dathdhaille ar an duine. Cuireann deargdhaille (prótanóipe) isteach ar chumas duine dearg is glas a idirdhealú, gormdhaille (deotranóipe) ar chumas idirdhealaithe idir gorm is buí, agus glasdhaille (tríotanóipe) ar chumas an chuid ghlas de speictream a aireachtáil. Is tréith ghnéasnasctha í dathdhaille, a tharlaíonn 20 oiread níos mó i measc na bhfear ná i measc na mban. Ní fhaigheann bean an éalang muna mbíonn dathdhaille ag a beirt tuismitheoirí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dathamharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.