Dave Allen

fuirseoir agus aorthóir Éireannach (1936-2005)

Fuirseoir as Baile Átha Cliath ab ea David Tynan O’Mahoney (Gaeilge: Daithí Ó Teimhneáin Ó Mathúna), (6 Iúil, 193610 Márta, 2005), nó Dave Allen de ghnáth. Bhí cáil mhór ar Allen in Éirinn, sa Bhreatain agus san Astráil, sna 1960í agus na 1970í go háirithe.

Infotaula de personaDave Allen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) David Tynan O'Mahoney
6 Iúil 1936
Teach na Giúise, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Márta 2005
68 bliana d'aois
Kensington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Sudden unexpected nocturnal death syndrome (en) Aistrigh)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Droichid Nua
Catholic University School
Coláiste Thír An Iúir Duibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Sydney
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, fuirseoir, fuirseoir ar a boinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –
FostóirBBC Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraObservational comedy (en) Aistrigh agus aoir
GluaiseachtAn tAindiachas
Teaghlach
Duine muintearthaNora O'Mahony (en) Aistrigh (seanmháthair) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0020411 IBDB: 29642
Musicbrainz: 48dfd782-ad0c-4ca2-9562-51db65dc9592 Discogs: 4733925 Find a Grave: 10597801 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuirseoir cuir in eagar

Bhí stíl fhánach ag Allen mar fhuirseoir - shuigh sé ar chathaoir, agus d'ól sé uisce beatha agus chaith sé tobac tríd an taispeántas ar fad. Rinne sé magadh faoin gnáthshaol, agus bhain sé sult breise as magadh a dhéanamh faoi údaráis agus institiúidí, mar shampla faoin Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Bhí cúpla chláir teilifís féin ag Allen, bhí an ceann deireanach ar ITV i 1993.

Bhí tionchar mór ag Allen ar a lán fuirseoirí eile in Éirinn agus sa Bhreatain. Ag deireadh gach taispeántais, thug Allen an bheannacht cháiliúil chéanna, "Oíche mhaith, agus go rachaidh bhur ndia in éineacht libh".

Saol cuir in eagar

 

Saolaíodh Allen i dTeach na Giúise i gContae Átha Cliath, mac le Cully Tynan O'Mahoney (a bhí ina eagarthóir ar an nuachtán Éireannach Irish Times), agus máthair Shasanach. D’fhág Allen an scoil agus é sé bliana déag d'aois, agus lean sé a athair isteach san iriseoireacht. Ghlac sé post mar leis an Drogheda Argus, agus bhog sé go dtí Sasana trí bliana níos déanaí.

Bhí cúpla poist eile aige, agus tar éis tamaill bhí sé ag obair i mButlins mar "Redcoat", ina óstach ar seónna éagsúla a bhí ar siúl acu.

D’athraigh sé a shloinne ó O’Mahony go Allen, nuair a d’éirigh sé tuirseach le daoine ag fuaimniú é mícheart.

Nuair a bhí The Beatles ag casadh cuid den a gcéad seónna, b’é Allen a bhí ina fhear óstach.

 
The Beatles

Bhuail sé leis an aisteoir Judith Scott san Astráil agus phós siad sa bhliain 1964. Bhris siad suas sa bhliain 1983.

Chaill Allen méar amháin ar a lámh chlé, ach ní raibh aon eolas cinnte faoi cad a tharla. Tá seans gurb é timpiste ghluaisteáin a bhí i gceist.

Bás cuir in eagar

Ag deireadh a shaoil, b’éigean do Allen éirí as a bheith ag caith tobac agus ag ól, dhá rud a thaitin go mór leis. Bhí eimfiséime ag cur as dó. Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí troma toitíní. Chaith sé 80 Gauloises gach lá, a dúradh[1].

Cailleadh go tobann é, ina chodladh sa bhaile. D’fhág sé a bhean chéile Karin, a bhí ag iompar clainne, ina dhiaidh. Rugadh a mhac Cullum dhá mhí tar éis a bháis.

Is fuirseoir é Ed Allen, mac le Dave Allen.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Féach fosta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The old ones are the good ones" FT 2 Nollaig 2005 https://www.ft.com/content/753f9f2c-622d-11da-8dad-0000779e2340