David Feldman (saineolaí stampaí)

Saineolaí stampaí, ceantálaí agus údar is ea David Feldman (r. Baile Átha Cliath, 1947) BA, BBS, RDP(I). Rith sé a chéad cheant stampaí sa bhliain 1967. Cathaoirleach onórach anois é ar David Feldman SA, cuideachta ceantála atá lonnaithe i nGhnéiv na hEilvéise. Tá cuid de na praghsanna is airde riamh ar stampaí poist cáiliúla faighte ag a chuideachtsa.

Infotaula de personaDavid Feldman

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1947
76/77 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir neamhfhicsin, ceantálaí, stamp dealer (en) Aistrigh, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindavidfeldman.com Cuir in eagar ar Wikidata
Clúdach Bordeaux, a dhíol Feldman sa bhliain 1993

Sa bhliain 1993, dhíol Feldman an "Clúdach Bordeaux" ar 6,175,000 franc Eilvéiseacha, coimisiúin san áireamh, an praghas ab airde a cuireadh ar rud a bhain le stampaí go dtí sin.[1] Dhá stampa cáiliúla (na stampaí "Post Office") ó Oileán Mhuirís a bhí ar an gclúdach úd, mar atá an stampa 1 phingin deargbhuí agus an stampa 2 phingin dúghorm ón mbliain 1847. Sa bhliain 1996, dhíol sé an t-aon eiseamláir atá ann den stampa Sualannach ar a dtugtar an "Treskilling Buí" a eisíodh sa bhliain 1855 ar 2.88 milliún franc Eilvéiseacha, an praghas ab airde dá tugadh ariamh ar stampa aonair go dtí gur díoladh sa bhliain 2014 an stampa 1c maigeanta ón nGuáin Bhriotanach.

A luathshaol cuir in eagar

Chaith Feldman a óige i mBaile Átha Cliath, i bPoblacht na hÉireann, agus is ann a chuir sé scéim mhalairte stampaí ar siúl lena chomhdhaltaí eile in aois a 8 mbliana. Faoin mbliain 1958 bhí an scéim seo iompaithe ina gnólacht phoist ar ar thug sé The Shamrock Stamp Club. Chuireadh sé fógraí don fhiontar seo i sna coimiceáin Mickey Mouse. Stamps of Ireland a chéad ábhar saineolais. Foilsíodh catalóg leis Stamps of Ireland sa bhliain 1964 agus ar 10 Feabhra 1967 rith sé a chéad cheant do stampaí Éireannacha i mBaile Átha Cliath.[2] Nuair a foilsíodh Handbook of Irish Philately, leabhar eile leis sa bhliain 1968, bhronn Feldman cóip de ar Éamon de Valera, uachtarán na hÉireann ag an am.

Faoi na 1970idí, bhí an-rath ar mhargadh na stampaí agus tháinig méadú ar phraghas na stampaí dá bharr: sa mhéid go ndúirt Feldman, "Níorbh fhéidir leat teacht ar do dhóthain stampaí le díol". Sa tréimhse bhunaigh sé David Feldman Ltd., chuaigh leis an gceantáil agus scríbhneoireacht faoi stampaí, agus d'fhoilsigh an DF Newsletter, foilseachán inar phléigh stampaí poist na hÉireann, agus sainleabhair eile. Chuir sé trí thaispeántas stampaí i mBaile Átha Cliath chun cinn agus ansin rinneadh cathaoirleach de Stampa 1972, an chéad Taispeántas Stampaí Náisiúnta na hÉireann. Ba bhall é den Chiste Comhairleach um Stampaí faoi aire Roinn Poist agus Telegraf sa tréimhse 1975–1981, in éineacht le Robson Lowe agus saineolaithe stampaí céimiúla eile.[3]

Sa bhliain 1972 casadh bean óg ón Eilvéis air a bhí ag rothaíocht in Éirinn ar a laethanta saoire agus phós siad an bhliain ina dhiaidh sin, i 1974. Chuir Feldman faoi sa tír úd i 1973.

A shaol gairmiúil cuir in eagar

 
Dhíol David Feldman an "Treskilling Bhuí", stampa aonair ón tSualainn, ar ceant ar SAM$2.3 million sa bhliain 1996 David Feldman

San Eilvéis dó, lean sé mar cheantálaí stampaí agus foilsitheoir. Chuir sé a chéad cheant ar siúl ansin i 1976.[3] Tá cuid de na praghsanna is airde dár tugadh riamh ar stampaí poist faighte aigesean, mar shampla, an Treskilling Bhuí Shualannach ($2.2 million i 1996), rud a chuir a ghrianghraf sa Guinness Book of World Records, Stampa Dhá Phingin Oileáin Mhuirís ($1.4 milliún i 1993) agus an $1,000,000 Alexandria "Blue Boy" Postmaster's Provisional ($1 milliún) i 1981.[4]

Rogha shaothar cuir in eagar

  • Feldman, David (1968). "Handbook of Irish Philately". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd & the Dolman Press Ltd. 
  • Feldman, David (1970). "Stamps of Ireland, Price List". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd. 
  • Feldman, David (1973). "Ireland – Railway Letter Stamps – Price List". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd. 
  • Feldman, David (c. 1975). "The Revenue Stamps of Ireland". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd. 
  • Feldman, David (1974). "Stamps of Ireland, Illustrated Catalogue". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd. 
  • Feldman, David (1975). "Handbook of Irish Postal History to 1840". David Feldman Ltd, Baile Átha Cliath, Éire. 
  • Feldman, David (1976). "Stamps of Ireland, Illustrated Catalogue". Baile Átha Cliath, Éire: David Feldman Ltd. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Prices Realised: Public Auction November 1–6, November 1993" . David Feldman SA. 
  2. "The Garratt-Adams Philatelic Library Auction: October 23–24, 1994" (1994): 42. Liechtenstein: Huys-Berlingin AG. “Lot 7667: Feldman, D. Ltd., Postal Auction No. Dublin 10.2.1967” 
  3. 3.0 3.1 Feldman, David (February 2003). "The "Emerald" Collection of Destination Mail of the World": 10–11. Geneva, Switzerland: David Feldman SA. 
  4. "World Records" (2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-05. Dáta rochtana: 2016-08-08.