Is éard is diamaighnéadas[1] ann ná iarmhairt mhaighnéadach is féidir a thomhas in an-chuid ábhar (uisce is copar, mar shampla) ina n-ailínítear na móimintí maighnéadacha, a ionduchtaítear le réimse maighnéadach a chuirtear i bhfeidhm ar an ábhar sa treo díreach os comhair treo an réimse sin.

Ábhar ar foluain go maighnéadach.

Éartar an t-ábhar ag foinse an réimse mhaighnéadaigh. Má bhíonn an réimse sin dian a dhóthain, is féidir réada a chur ar snámh san aer os cionn maighnéid (eadarbhuasú diamaighnéadach). Is sainiúil go mbíonn soghabhálacht mhaighnéadach dhiúltach ag ábhair dhiamaighnéadacha.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “diamaighnéadas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Diamaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 209.