Is éard is diosca fuillimh ann ná diosca atá comhdhéanta as ábhar scaipthe agus é ag dul timpeall ar lárchorpán éigin, ar nós réalta óg, prótairéalta, abhacréalta bhán, neodrónréalta, nó dúpholl. Is dual don diosca fuillimh éagobhsaíocht inmheánach a dhéanann athroinnt ar an móiminteam uilleach taobh istigh den diosca, agus an t-ábhar ag titim ar chonair bhíseach isteach i dtreo an lárchorpáin. Sa phróiseas seo, cruthaítear fuinneamh, agus é á astú i gcruth radaíochta leictreamaighnéadaí. An cineál radaíochta a astaíonn an diosca fuillimh, tá sé ag brath ar an gcineál lárchorpáin atá i gceist. Más réalta óg nó prótairéalta atá ann, tá an diosca ag caitheamh radaíochta infridheirge uaidh, agus más dúpholl nó neodrónréalta atá ann, tá an diosca ag astú x-ghathanna nó gámaradaíochta.

Taispeánann an pictiúr seo déréalta atá comhdhéanta as gnáthréalta agus dúpholl. Tá imtharraingt mhillteanach an dúphoill ag baint ábhair den ghnáthréalta, ionas go gcruthaítear diosca fuillimh timpeall an dúphoill. Is féidir dúphoill a aithint ar an radaíocht a bhíonn dioscaí den chineál seo a astú.