An fíoras, maidir le fás is forbairt na leictreonaice, go méadaíonn an oiread trasraitheoirí is féidir a phacáil ar chiorcad iomlánaithe faoi dhó gach dhá bhliain.

Ar an mbealach céanna, dúblaíonn dlús acmhainn na cuimhne is minicíocht an chloig i ríomhairí gach dhá bhliain freisin. Seasann an dlí seo ó 1980 nó mar sin anuas.

Bhítí á thuar ó am go chéile nárbh fhéidir go leanfadh sé a thuilleadh agus go stopfadh fás na leictreonaice, gan aistriú éigin paraidíme, eolaíochtteicneolaíocht nua, cuir i gcás, X-ghathanna a úsáid chun na slisní sileacain a nochtadh is mar sin pacáil níos dlúithe a fháil, nó ríomhairí le próiseáil chomhthreomhar ionas gurbh fhéidir 8, 16 nó 32 próiseáil scoite a dhéanamh ag an am céanna an t-am ar fad.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlí Moore". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 469.