Dlí imchoimeád an fhuinnimh

Conchlúid san eolaíocht nach féidir fuinneamh a chruthú ná a dhíothú. Is féidir é a athrú ó shaghas amháin go dtí saghas eile: fuinneamh meicniúil go dtí teas trí fhrithchuimilt, mar shampla, fuinneamh leictreach go dtí fuinneamh meicniúil i mótar, nó go dtí teas i dtéitheoir, agus mar sin de. Samhlaítear maisfhuinneamh in imoibriú núicléach ina n-athraítear mais go dtí fuinneamh trí ghaol iomráiteach Einstein, E = mc2, mar shaghas amháin fuinnimh a bhíonn clúdaithe ag an dlí seo.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlí imchoimeád an fhuinnimh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 216.