Déanann dlíthe Fick cur síos ar idirleathadh agus dhíorthaigh Adolf Fick iad sa bhliain 1855.[1][2] Is féidir iad a úsáid le haghaidh chun comhéifeachta idirleata D. Is féidir céad dlí Fick a úsáid chun a dhara dlí a dhíorthú, atá ar aon dul leis an gcothromóid idirleata.

Idirleathadh mhóilíneach ó thaobh an scrúdaithe mhicreascópaigh agus mhacrascópaigh. Ar dtús, tá móilíní tuaslagtha ar thaobh na láimhe clé de bhac (líne chorcra) agus níl aon cheann ar dheis. Baintear an bac, agus scaiptear an tuaslagán chun an coimeádán iomlán a líonadh. Barr : Bogann móilín amháin timpeall go randamach. Meán : Le níos mó móilíní, tá treocht shoiléir ann ina líonann an tuaslagán an coimeádán níos mó agus níos aonfhoirmí. Bun : Le líon ollmhór de mhóilíní tuaslagtha, ní féidir an randamacht a bhrath: Is cosúil go mbogann an tuaslagán go réidh agus go córasach ó cheantair in a bhfuil tiúchan ard ann go ceantair le tiúchan íseal. Déantar cur síos ar an sreabhadh réidh seo le dlíthe Fick.

Tugtar 'gnáth idirleatadhh' nó 'idirleathadh Fickeach' ar phróiseas idirleata a ghéilleann do dhlíthe Fick; ar shlí eile, tugtar 'idirleathadh aimhrialta' nó 'idirleathadh neamh-Fickeach' air.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar