Sa bhfisic, na rialacha a chuireann síos ar airíonna is cainníochtaí a fhanann tairiseach trí phróiseas áirithe fisiciúil. Tá na dlíthe seo bunúsach don fhisic, agus bíonn dlíthe uile na fisice bunaithe ar phrionsabail imchoimeádta. Ar an taobh eile baineann dlí imchoimeádta le siméadracht sa chóras. Mar shampla, baineann dlí imchoimeád an fhuinnimh (an dlí imchoimeádta is tábhachtaí, b'fhéidir) le siméadracht an chórais fhisiciúil faoi aistriú thar am. Éiríonn dlí imchoimeád an mhóimintim le siméadracht san aistriú thar spás. I bhfisic na gcáithníní, scríobhtar idirghníomhuithe coimpléascacha i dtéarmaí uimhreacha candamacha aisteacha a imchoimeádtar.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlíthe imchoimeádta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.