Tá na dlíthe gluaiseachta ar na trí dlíthe a chum Ridire Isaac Newton le linn dó bheith ag cur le chéile a Principia Mathematica. Is iad seo a leanas na trí dlíthe a chum sé:

Céad agus Dara Dlí Newton, i Laidin, ón eagrán bunaidh i 1687 Principia Mathematica.

An chéad dlí cuir in eagar

Dlí na Táimhe (Inertia). Fanfaidh gach corp ar fos nó ag gluaiseacht faoi threoluas tairiseach mura ngníomhaíonn fórsa seachtrach neamhchothrom air.

An dara dlí cuir in eagar

Nuair a gníomhaíonn fórsa neamhchothrom ar chorp bíonn ráta athraithe móimintim an choirp i gcomhréir dhíreach leis an bhfórsa agus gníomhaíonn sé in aon treo leis an bhfórsa.

An treas dlí cuir in eagar

Má chuireann corp A fórsa i bhfeidhm ar chorp B, ansin cuireann corp B fórsa urchomhaireach atá ar cóimhéid leis i bhfeidhm ar chorp A, i.e. bíonn an gníomhú agus an frithghníomhú ar cóimhéid agus urchomhaireach lena chéile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar