Dlúth-theagmhálach leis an Domhan

Astaróideachcóiméad taobh istigh den Ghrianchóras ar fhithis a thagann gar don Domhan, ionas go mb'fhéidir go dtarlóidh imbhualadh contúirteach. Meastar go bhfuil suas le 2,000 réad mar sin de thrastomhas níos mó ná 1 km ann, agus thar mhilliún réad de thrastomhas 50 m nó níos mó. Threáfadh réad 50 m ar leithead atmaisféar an Domhain. Dhéanfadh imbhuailí réad níos mó an-chuid dochair. Mar shampla, meastar go leanfadh dochar comhshaoil ar fud an Domhain imbhualadh réada 2 km ar trastomhas, agus an pléascadh coibhéiseach de mhilliún meigeatonna TNT, de bharr an bhrat deannaigh a chuirfeadh tús le geimhreadh a mhairfeadh na blianta, cailliúint barr, gorta is galar ar scála domhanda. Meastar gur réad eachtardhomhanda 15 km ar trastomhas a d'imbhuail leis an Domhan timpeall 65 milliún bliain ó shin a dhíothaigh na dineasáir agus suas le 75% de gach rud beo ar Domhan.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlúth-theagmhálach leis an". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.