Téarma ríomhaireachta ar choincheap idir bogearraí (cláir threoracha inláimhsithe inathraithe) agus crua-earraí (an ríomhaire fisiciúil is a chomhghairis leictreonacha) is ea dochtearraí.[1] Luaitear an clár treoracha is é stóráilte do-athraithe sa chuimhne sa ríomhaire mar dhochtearraí, i gcontrárthacht leis an gclár, scríofa amach ar páipéar nó diosca, atá inathraithe fós mar bhogearraí.[2]

Infotaula equipament informàticDochtearraí
Is sampla é cianrialtán teilifíseáin de tháirge ina bhfuil dochtearraí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tearma.ie. https://www.tearma.ie/q/Firmware/
  2. Hussey, Matt (2011). "Dochtearraí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 218.