Domhanghart mac Domhnaill

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada san Albain ba ea Domhanghart mac Domhnaill (Meán-Ghaeilge Domangart mac Domnaill) (bás 673). Domhnall Breac ba ea a athair. Ní fios go cruinn arbh rí Dhál Riada é nó rí Chineál Ghabhráin ach amháin.

Infotaula de personaDomhanghart mac Domhnaill
Ainm sa teanga dhúchais(gd) Domangart mac Domnaill
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás673
Ríthe Dhál Riada
660 – 673
← Conall CrannomhnaMaol Dúin mac Conaill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteEochaidh mac Domhanghairt Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomhnall Breac

Ní fheictear Domahnghart sa Duan Albanach ach tá sé ann i bhfoinsí eile, amhail is ginealaigh William I na hAlban agus Causantín mac Cuilén i Seanchas Fear Alban. Deirtear anseo go raibh sé ina athair le Eochaidh.

Dar le roinnt rí-liostaí, scar Cineál Chomhghaill ó Chineál Ghabhráin le linn a réimis.

Tuairiscítear i nAnnála Uladh gur maraíodh é sa bhliain 673.[1]

Ní fios go cruinn cé a tháinig i gcomharbacht air, nó mar Rí Dhál Riada, dá mba amhlaidh é, nó mar rí CHineál Ghabhráin. I measc ríthe a bhfuil eolas againn ó orthu i ndiaidh Dhomhanghairt, tá Maol Dúin mac Conaill agus Domhnall Donn de Chineál Ghabhráin, agus Fearchar Fada of the Cineál Loairn. Tugtar dó siúd réimeas 21 bliain sa Duan Albanach agus rí-liostaí, rud a chuirfeadh in úil gur tháinig sé i gcoróin gar do bhás Dhomhanghairt.

Foinsí cuir in eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
  • Broun, Dauvit, The Irish Identity of the Kingdom of the Scots in the Twelfth and Thirteenth Centuries. Boydell, Woodbridge, 1999. ISBN 0-85115-375-5

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar