Is ceantar cathrach é Domhnach Broc[1] (Donnybrook as Béarla) atá suite i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Tá an ceantar suite i gceantar poist Bhaile Átha Cliath a Ceathair, agus is minic a thugtar le fios go bhfuil "meon BhÁC 4" - scothaicmeachas agus Gallbhá - láidir i nDomhnach Broc. Mar sin, tugann Gaeilgeoirí áirithe Domhnach Brocach ar an áit uaireanta.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDomhnach Broc
Donnybrook (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′00″N 6°13′00″W / 53.316667°N 6.216667°W / 53.316667; -6.216667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde11 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411659

Tá ceanncheathrúna a lán eagraíochtaí éagsúla lonnaithe i nDomhnach Broc, ar nós Raidió Telefís Éireann (RTÉ), chomh maith le ceanncheathrú rugbaí Chúige Laighean. Tá príomhoifigí Chumann Rugbaí na hÉireann ag obair os comhair an staidiam i nDomhnach Broc, agus foireann rugbaí Laighean ag imirt a gcluichí baile sa staidiam.

Stair cuir in eagar

Ciallaíonn Domhnach Broc Cill Naomh Broc. Bean de sheachtar iníonacha Dhallbhronaigh ó Chontae na Mí ab ea Broc. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na Dothra san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilig suite ansin anois.

I ngnáthchaint an Bhéarla, baintear úsáid as leagan Béarla an logainm, Donnybrook, le tagairt do chíréibí is do scliúchais. Creidtear gurbh é aonach Dhomhnach Broc is bunús don fhocal seo. Bhí aonach aithnidiúil i nDomhnach Broc ón meánaois i leith, ach má bhí, chuala an saol mór iomrá ar an meisceoireacht a bhain leis an aonach agus ar an mbruíonachas is ar an mbrilsce a tháinig sna sálaí ag an meisce. Bhí an foréigean chomh dona is gur éiligh an Eaglais Chaitliceach cosc a chur leis an aonach, agus sa bhliain 1855, tháinig deireadh leis. Níl de chuimhne ar an aonach inniu ach ainm an ollmhargaidh úd Donnybrook Fair.

Áitritheoirí Cáiliúla cuir in eagar

Scríbhneoirí cuir in eagar

Daoine eile cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar