Is éard a bhí i gceist le Domhnach na Fola (Bloody Sunday sa Bhéarla) ná eachtra nó dúnmharú a tharla i nDoire i dTuaisceart Éireann ar an 30 Eanáir, 1972. Lámhach agus mharaigh paratrúpaí ó Arm na Breataine trí shibhialtach déag – ar dhéagóirí seachtar acu – agus iad ag glacadh páirt i máirseáil ar son chearta sibhialta i dTaobh an Bhogaigh. Gortaíodh cúig dhuine dhéag eile sa luíochán agus bhásaigh duine acu ceithre mhí ina dhiaidh de bharr na ngortuithe a bhain dó an lá sin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDomhnach na Fola
Map
 54°59′49″N 7°19′32″W / 54.9969674°N 7.3255581°W / 54.9969674; -7.3255581
Cineáleirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana30 Eanáir 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDoire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna14 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1,777 Cuir in eagar ar Wikidata

Tábhacht cuir in eagar

Glactar leis go coitianta gur chuir an t-uafás fad na mblianta leis an marú ó thuaidh.[1] In 1969 a thosaigh feachtas na Sealadach ach tháinig borradh agus fás air mar thoradh ar eachtraí an lae seo. Tá Domhnach na Fola ar ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann: ar an lá sin, bhí arm na Breataine páirteach sna heachtraí agus fuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca tríd na meán chumarsáide, rud nua ag an am.

Cúlra cuir in eagar

In 1970, d'éirigh le saighdiúirí Frank Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.

Bhí Frank Kitson i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.[2]

Slad cuir in eagar

Cathlán den Parachute Regiment faoi, Frank Kitson, briogáidire,[2] Leifteanant-choirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí i mbun na hoibríochta seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Gortaíodh beirt agóidigh nuair a bhuail gluaisteáin de chuid an airm iad.

Is soiléir inniu nach raibh airm ar bith ag éinne de na 26 duine nuair a scaoileadh leo. Piléir sa droim a ghortaigh cúigear díobh.

Bronnadh gradam CBE[3] ar Kitson ar 15 Feabhra 1972, coicís i ndiaidh Dhomhnach na Fola (agus bronnadh ridireacht ar Kitson i 1980).

 
Cuimneacháin, Doire

Fiosrúcháin cuir in eagar

Bhí dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:

  • Fiosrúchán Widgery[4], foilsithe ar 19 Aibreán 1972: dúirt Widgery go raibh na saighdiúirí neamhchiontach. Níor thug mórán daoine meas air, agus mar sin, tharraing an tuarascáil go leor conspóide ar feadh na blianta.
  • Fiosrúchán Saville;[5] 1998 - 2010: Foilsíodh tuarascáil Saville sa bhliain 2010 faoi dheireadh, tuarascáil a chruthaigh go raibh an locht ar na saighdiúirí Briotanach.[6] Ghlac rialtas na Breataine leis an toradh seo. Mar le Domhnach na Fola, thug an Ginearál Mike Jackson le fios in 2007 go ndúirt Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".[2]
  • In 2015, chuir teaghlach Patrick Eugene Heenan, fear Caitliceach ar mharaigh an UDA é in 1973, chuir siad an dlí ar Kitson agus ar Arm na Breataine go ginearálta as a mharú.[7]
 
Balla i nDoire: Domhnach na Fola

Cúiteamh cuir in eagar

Íocadh pacáiste cúitimh. Ar an 18 Nollaig 1974, shocraigh Rialtas na Breataine £42,000 san iomlán (sic) a íoc le muintir an 13.

Cóir cuir in eagar

De réir Fiosrúchán Saville, mharaigh "Saighdiúir F" cúigear ar a laghad : William McKinney, 26, James "Jim" Wray,  22, Bernard "Barney" McGuigan,  41, Patrick Doherty,  31, agus Michael Kelly,  17.

Ar an 13 Nollaig 2023, cuireadh F ar a thriail i mBéal Feirste faoi bheirt a dhúnmharú agus faoi iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú in 1972. Bhí sé curtha i leith 'Shaighdiúir F' gur dhúnmharaigh sé McKinney agus Wray lá úd na fola.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-12-14). "'Saighdiúir F' le cur ar thriail faoi dhúnmharú Domhnach na Fola" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-01-04). "An 'frithcheannairceach' an Ginearál Frank Kitson tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. Commander of the Order of the British Empire
  4. Fiosrúchán Widgery, ar Cain.ulst.ac.uk
  5. Saville (2010). "Saville Enquiry / Bloody Sunday Inquiry Report". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-02-25. Dáta rochtana: 2023-12-14.
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (16 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-16.
  7. "Senior UK army officer to be sued over NI death" (as en) (2015-04-27). 
  8. Knight Grand Cross of the Order of the British Empire
  9. Commander of the Order of the British Empire