Planda cumhra ilbhliantúil is ea an dragan (Artemisia dracunculus), a fhásann go hairde 1.2 m, dúchasach don Áise. Na duilleoga caol lansa-chruthach, na cinn íochtaracha tríliopach ag an mbuaic. Na bláthchinn cruinneogach, 3 mm ar leithead, leathbhuí, ag cromadh ina bpanacail liobarnacha.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDragan
Artemisia dracunculus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo detarragon oil (en) Aistrigh, tarragon (en) Aistrigh agus dried tarragon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhAnthemideae
GéineasArtemisia
SpeiceasArtemisia dracunculus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tá fospeiceas den dragan, A. Dracunculus var. sativa nó an dragan Francach, saothraithe go fairsing mar luibh cistine, agus chun fínéagar a bhlaistiú. Áirítear é mar cheann de na ceithre fines herbes i gcócaireacht na Fraince. Úsáidtear é in chakapuli, mias náisiúnta na Seoirsia freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dragan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 221.