Drochaid a' Chòta

áit lonnaithe i gComhairle Siorrachd Lannraig a Tuath

Is baile é Drochaid a' Chòta (An Béarla Gallda: CotbrigCoatbrig) [1]. atá suite in gComhairle Shiorrachd Lannraig a Tuath. Tá sé i ngar do Glaschú. Tá pobal mór Éireannach ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDrochaid a' Chòta

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°51′45″N 4°01′36″W / 55.8625°N 4.0267°W / 55.8625; -4.0267
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Shiorrachd Lannraig a Tuath Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán43,960 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,489.38 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla6.818 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistML5 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama

Thosaigh stair nua-aimseartha Dhrochaid a' Chòta sa 19ú haois. D'oscail Rèile Bad nam Manach is Cair Ceann Tulaich ann sa bhliain 1826 agus tugadh an leasainm "Crewe Tuathach" [2] ar an bhaile. Chuaigh a lán daoine as Éirinn ar imirce go dtí an áit chun obair ins na hoibreacha iarainn, agus de réir an daonáirimh sa bhliain 1851m rugadh 35.2% de mhuintir Dhrochaid a' Chòta in Éirinn, i gcomparáid le 7.2% in Albain ina iomláine. Sa bhliain 2001 bhí 41,170 duine ina gcónaí anseo.

Cé gur lean an tionscal trom ar aghaidh i nDrochaid a' Chòta ar feadh blianta fada, mar gheall ar stailceanna agus dúlagar eacnamaíoch sna 1920idí, múchadh foirnéisí Summerlee den uair dheireanach sa bhliain 1926. Ag deireadh na 1930idí, leagadh an láithreán agus clúdaíodh iarsmaí na n-oibreacha iarainn.

Logainm cuir in eagar

Is sa bhliain 1755 atá Drochaid a' Chòta le feiceáil ar shuirbhéireacht William Roy mar Cottbrig, ceann de roinnt áiteanna ar eastát níos leithne de chuig Coats. Is dócha go dtagann an t-ainm Coats ón Bhéarla Gallda cot(t), a chiallaíonn "teachín",[3] cé go nascann teoiric mhalartach é le hainm an teaghlaigh Colt, a raibh seilbh aige ar thalamh anseo chomh luath leis an 13ú haois..[4]

Daoine cáiliúla cuir in eagar

 
Lá Fhéile Pádraig i Drochaid a' Chóta 2009.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Liosta ainmean-àite Gàidhlig na h-Alba". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-18. Dáta rochtana: 2023-01-24.
  2. RAILWAY BRIDGE OVER COATBRIDGE CROSS
  3. . An analysis of toponyms and toponymic patterns in eight parishes of the upper Kelvin basin
  4. "Lanarkshire". Scottish Place-Name Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 24 Eanáir 2023.