Cnoc beag sruthlíneach, múnlaithe ag oighear, déanta as till bhollánach, táirgthe ag brú an oighir ag gluaiseacht thar shil-leaganacha oighreacha. Go minic tarlaíonn scaoth díobh, le topagrafaíocht cosúil le ciseán uibheacha. Léiríonn a gcruth treo sreafa an oighir, ais fhada na ndroimníní comhthreomhar le sreabhadh an oighir agus a bhfoircinn mhaola dírithe i dtreo foinse an oighir.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Droimnín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 223.