Is é is dronairde (leaganacha eile: dronéirí, ceartéirí, ceartairde) ann ná an stua den mheánchiorcal neamhaí atá idir an réalta agus pointe trasnaithe an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Is é sin an pointe ina dtrasnaíonn an Ghrian an meánchiorcal neamhaí, lá cónochta (lá leathach) an Earraigh. Ceann de chomhordanáidí an mheánchiorcail atá ann, mar dhronairde, a úsáidtear le suíomh na réalta nó na rinne neimhe ar an spéir a chur in iúl. Ar chúiseanna praiticiúla matamaitice, is gnách an stua sin a shainiú in aonaid an ama, seachas sna céimeanna stua. Is ionann, ansin, ceithre huaire fichead an chloig agus stua iomlán an chiorcail.

Dronairde agus diallas mar a fheictear ar an taobh istigh den sféar neamhaí. Is é príomh-threo an chórais ná cónocht an earraigh, nód éiritheach an éicliptigh (dearg) ar an mheánchiorcal neamhaí (gorm). Déantar an dronairde a thomhas soir feadh an mheánchiorcal neamhaí ón dtreo príomhúil.
Dronairde (gorm) agus diallas (glas) mar a fheictear ó thaobh amuigh den sféar neamhaí

Is é an diallas an chomhordanáid a théann leis an dronairde. Úsáidtear córas comhordanáidí an mheánchiorcail le háit na réalta ar an sféar neamhaí a shainiú. Tá córais eile ann le gluaiseachtaí na réaltaí ar an spéir ar feadh an lae agus na hoíche a léiriú.