Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna

Is scéal de chuid na Fiannaíochta é Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna, scríofa as Luath-Nua-Ghaeilge san 16ú nó 17ú haois, agus caomhnaithe sa Bhailiúchán Egerton, MS 154.

Is scabhaire é an bodach, leathbhreac fireann na cailligh, aitheanta cheana ó fhoinsí na Sean-Ghaeilge, ach is é seo an t-aon téacs amháin ina shamhlaítear é le Manannán mac Lir.

Seanscéal cuir in eagar

Tugadh na Fianna a ndúshlán rása a bheith acu in aghaidh "Caol an Iarainn" marab ainm, mac rí na Teasála, ó Bhinn Éadair go cúige Mumhan. Bhí Caílte mac Rónáin, reathaí is fearr na bhFiann, ar shiúl ag Teamhraigh. Agus Fionn mac Cumhaill á lorg, bhuail sé le fathach éarthach, an bodach den teideal, a thoiligh an rás a rith ar son na bhFiann.

I dtosach, b'amhlaidh nach n-éireodh an bodach, ag dúiseacht go déanach sa ló agus an t-iomaitheoir imithe le fada. Ba léir ansin ámh gur reathaí an-tapaidh é, ag gabháil thar Caol an Iarainn faoi dhó, ach stop sé chun sméara dubha a ithe, nó ag dul ar ais fiú tar éis dó a chóta a chailleadh. In ainneoin sin, bhuaigh sé an rás gan stró, agus nochtadh níos deireanaí gur Mhanannán mac Lir faoi bhréagriocht a bhí ann.

An lá inniu cuir in eagar

Chóirigh James Clarence Mangan an scéal, ar cheann den chéad saothar próis d'athbheochan liteartha na Gaeilge.[1] D'eagraigh O'Grady (1892) an téacs Gaeilge agus chuir sé aistriúchán Béarla leis. D'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais athinsint as Nua-Ghaeilge in 1906. Scríobh Edward Faragher dhá leagan as Gaeilge Mhanann dar teideal Boddagh Yn Cooat Laaghagh.[2]

Foinsí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Prose Works of James Clarence Mangan, eag. D. J. O'Donoghue (Baile Átha Cliath agus Londain, 1904).
  2. George Broderick, "Boddagh Yn Cooat Laaghagh: A Manx Version of a Fenian Tale", Béaloideas, Iml. 51 (1983), 1–10.