Éire ina ball den Aontas Eorpach agus den limistéar euro. Maítear gur stát í Éire atá i mbun 'eacnamaíocht leipreacháin' a chleachtadh; tá ceann de na hualaí cánaí is ísle san Aontas Eorpach aici. Tá a pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €10.10 in aghaidh na huaire, mar a bhí i Mí na Márta 2020.[1] Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go háirithe as Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta idirnáisiúnta a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí in Éirinn. Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbartha; tá sé ó roinnt blianta ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis in Éirinn, agus meastar gurb é 60,000 é líon na bpostanna a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach. Tá na postanna seo le fáil den chuid is mó i gcomharsanacht gnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid le méid mór an tionscail seo i dtéarmaí luach airgeadais, ní fhostaíonn an tionscal airgeadais ach beag duine: sa bhliain 2002, níor fhostaigh sí ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an OTI náisiúnta. Dá réir sin, tá postanna sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; don leith eile, tá tionscail mar an talmhaíocht agus an próiseáil bia nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine i bpostanna atá níos measa íoctha i gcomparáid.[2]

Fiach na hÉireann i gcomparáid le fiach léir an AE, mar chéatadán na OTI
Fiachas na hÉireann i gcomparáid le fiachas limistéar an euro go léir, mar chéatadán den OTI

I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na hÉireann ag 4.8%, an 12ú figiúr is fearr as 27 tír an Aontais Eorpaigh.[3] Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime 2019 na Náisiún Aontaithe, is an 9ú tír is forbartha ar domhan í Éire, as 150 ceann a thomhaiseadh, agus mar sin an cúigiú tír is forbartha san Aontas Eorpach.[4] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í Éire an 14ú tír is sona, as 156 tír.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Citizensinformation.ie. "Íosrátaí pá" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2020-03-15.
  2. https://www.economist.com/news/finance-and-economics/21720313-tale-two-economies-irelands-food-industries-would-be-worst-hit-hard
  3. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  4. "Human Development Report 2019 - Overview". Dáta rochtana: 15-03-2020.