Eagraíocht um Aontas na hAfraice

B'eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an Eagraíocht um Aontas na hAfraice[1] (EAA). Bunaíodh í ar an 25 Bealtaine 1963. Bhunaigh 32 stát san Afraic eagraíocht chun guth a thabhairt dóibh, agus radacach go hannamh.

Bosca Sonraí EagraíochtaEagraíocht um Aontas na hAfraice
Sonraí
Cineáleagraíocht idirnáisiúnta
eagraíocht idir-rialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitAfrican and Malagasy Union (en) Aistrigh
Monrovia Group (en) Aistrigh
Casablanca Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1963
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ballraíocht

Tháinig deireadh leis an EAA ar 9 Iúil 2002 nuair a díscaoileadh í (léiriú intinne ar an 9 Meán Fómhair 1999) agus tháinig an tAontas Afracach ar an bhfód ina áit.

Conspóidí cuir in eagar

  • Réabhlóid Simba, 1963-1965. Fuair na réabhlóidithe (de chuid Marx) tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[2], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre i gcoup d'état.
  • I 1998 bhris coimhlint amach idir an Aetóip agus an Eiritré de bharr dhíospóid teorann. Thit comhaontú as a chéile a shocraigh an Eagraíocht um Aontas na hAfraice i 1999 agus tosaíodh ar an troid arís.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Organisation of African Unity (OAU) i mBéarla
  2. "Why did the OAU fail to bring about a solution in the Congo Crisis? – IRM" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-25.
  3. "Misin san Afraic" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-05-25.