Bailiúchán bracha i réigiún éigin in orgán nó fíochán. Mórthimpeall uirthi bíonn at frithghníomhach athlasta mar bhalla imlíneach glan, a dtugtar cuas na heaspa air. Bíonn sí pianmhar. De ghnáth, ionfhabhtú le baictéir a dhéanann an brach, nó ábhar coimhthíoch eile. Is féidir go dtarlóidh sí ar fud na colainne, sa chraiceann, na caipíní súile, an cluas lair, is an reicteam. I gcás na heitinne, sna scamhóga a tharlaíonn na heaspaí (na mealláin). Muna bhfolmhaíonn an easpa go deonach, ní mór í a thaoscadh go máinliach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Easpa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.