Eavan Boland

file Éireannach

B'fhile, údar agus ollamh Éireannach í Eavan Frances Boland[1] (24 Meán Fómhair 1944 – 27 Aibreán 2020). Bhí sí ina hollamh in Ollscoil Stanford, áit a raibh sí ag múineadh ó 1996.[2] Tá a cuid oibre bunaithe ar fhéiniúlacht náisiúnta na hÉireann, agus ról na mban i stair na hÉireann. Tá rogha dánta ó shaothar filíochta Boland ar shiollabas an Ardteistiméireacht. Tá an Lannan Literary Award for Poetry buaite aici.

Infotaula de personaEavan Boland

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meán Fómhair 1944
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Aibreán 2020
75 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht na hÉireann, litríocht an Bhéarla, gníomhaíocht liteartha, filíocht, léirmheastóireacht liteartha agus léann na mban
Suíomh oibre Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, scoláire liteartha, scríbhneoir aistí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, acadóir, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtFeimineachas
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
AthairFrederick Boland

Suíomh gréasáinprofiles.stanford.edu… Cuir in eagar ar Wikidata

Bunús cuir in eagar

Rugadh Boland i mBaile Átha Cliath ar an 24ú Meán Fómhair 1994. Bhí a hathair Frederick Boland ina ambasadóir Éireannach agus bhí a máthair Frances Kelly ina ealaíontóir iar-eispriseanaíoch a raibh ardmheas ag daoine uirthi.

Níos moille chuir Eavan Boland síos ar a máthair mar "duine a d'fhág lorg láidir uirthi ina saol. Thug mo mháthair tacaíocht mór dom. Mar ealaíontóir d'fhéach sí ar an saol i mbealach cruthaitheach agus lonrach". Nuair a bhí sí cúig bliana d'aois, bhog Eavan agus a clann go Londain agus d'fhan siad ansin ar feadh sé bliana. Ina dhiaidh sin, bhog siad go Nua-Eabhrac. Ó bogadh ó áit go háit, chuala Eavan go leor canúint difriúla. 'Sílim gur sin an fáth gur suim agam san fhilíocht mar pháiste. Mhothaigh sé go raibh a dteanga féin aige, neamhspleách i gcónaí ó áit agus athrú.' [3]

Óige agus Oideachas cuir in eagar

D'fhill Boland go Baile Átha Cliath chun freastal ar an meánscoil. I rith a céad bliain ar ais in Éireann scríobh sí dán darbh ainm Liffeytown. Léirigh an dán mothúcháin Boland faoi filleadh ar Éireann. Bliain ina dhiaidh sin d'fhoilsigh sí 23 Poems, rud a chosnaigh 30 punt chun foilsiú.

"D'infheistigh mo mháthair go trom iontu agus choinnigh sí cóipeanna dóibh. Ní shílim go ndearna duine ar bith eile sin. Ní raibh sé mar rud comónta a rinne déagóirí, ach fuair mé muinín as."

D'fhreastail Boland ar Choláiste na Tríonóide ach ar chéimnigh sí i 1966 le BA i litríocht Béarla.[4]

Gairm cuir in eagar

Bhí Boland ina léachtóir i gColáiste na Tríonóide ar feadh tamaill, ach bhí frustrachas uirthi de bharr an bhealach patrarcach ina raibh an filíocht á mhúineadh ann, chomh maith leis an easpa ama a bhí aici chun díriú ar a filíocht féin. Mar gheall ar seo, d'fhág sí agus chaith sí an bhliain 1967 ar fad ar staidéar agus scríbhneoireacht an fhilíocht.

De réir mar a rinne Boland níos mó staidéar ar an fhilíocht agus bualadh le níos mó filí, bhí níos mó tuiscint aici go raibh neamhaird á dhéanamh ag daoine ar ghuth filí baineannach. Spreag Sylvia Plath, Elizabeth Bishop agus Adrienne Rich Boland chun creid inti féin agus gan a cumas mar fhile a theorannú de bharr gur bean í.

Sa bhliain 1967, d'fhoilsigh sí a céad leabhar filíochta New Territory. D'fhoilsigh Alan Figgis é i mBaile Átha Cliath.[5]

Pósadh agus Teaghlach cuir in eagar

Phós Boland an t-úrscéalaí Kevin Casey sa bhliain 1969 agus bhog sí chuig bruachbhaile Dundrum, agus bhí dhá iníon aici. Thosaigh sí ag scríobh filíocht maidir leis an saol teaghlaigh, rud a rinne idirdhealú uirthi ó filí fírinneach.

Dhírigh a céad trí chnuasach eile The War Horse (1975), In Her Own Image (1980) agus Night Feed (1982) ar pheirspeictíocht difriúl i bhfilíocht. Déanann an dán The Famine Road comparáid idir duine a d'fhulaing ón ghorta go bean neamhthorthúil. Sa dán Child of Our Time díríonn sé ar an neamhaird a dhéantar ar mí-úsáid leanaí.

Ré Tábhachtach dá Saol cuir in eagar

Bhí deacrachtaí ag Boland sa saol mar fhile baineannach. Rinne daoine cáineadh ar obair s'aici, agus dúirt daoine go raibh 'filí baineannach a scríobh faoi saol laethúil an bhean claonta agus nár cheart do dhaoine ias a ghlacadh go dáiríre.' Lean Boland ar aghaidh, ag déanamh neamhaird ar na ráiteas seo. In Outside History (1990) dírigh sí ar an easpa aird ar bain thar na céadta. Scríobh sí freisin faoi mí-úsáid fisiciúil agus mothúchánach, anoireicse agus an caidreamh idir máithreacha agus a n-iníon.

Foilseacháin cuir in eagar

  • 23 Poems. Baile Átha Cliath: Gallagher, 1962.
  • Autumn Essay. Baile Átha Cliath: Gallagher, 1963.
  • Eavan Boland Poetry/Prose Joseph O’Malley. Baile Átha Cliath: Gallagher, 1963.
  • New Territory. Baile Átha Cliath: Allen Figgis, 1967.
  • W. B. Yeats and His World. in éineacht le Micheál Mac Liammóir. Londain: Abhainn na Tamaise, 1971; Nua-Eabhrac: Thames & Hudson, 1998.
  • The War Horse. Londain: Victor Gollancz, 1975.
  • In Her Own Image. Baile Átha Cliath: Arlen House, 1980.
  • Introducing Eavan Boland. Princeton, New Jersey: Ontario Review P, 1981.
  • Night Feed. Baile Átha Cliath: Arlen House, 1982. Atheisiúint: Manchain: Carcanet Press, 1994.
  • The Journey and Other Poems. Baile Átha Cliath: Arlen House, 1986; Manchain: Carcanet Press, 1987.
  • Selected Poems. Manchain: Carcanet Press, 1989.
  • Outside History. Manchain: Carcanet Press, 1990.
  • Outside History: Selected Poems 1980–1990. Nua-Eabhrac: Norton, 1990.
  • In a Time of Violence. Nua-Eabhrac: Norton, 1994; Manchain: Carcanet, 1994.
  • Collected Poems. Manchain: Carcanet Press, 1995.
  • Object Lessons: The Life of the Woman and the Poet in Our Time. Nua-Eabhrac: Norton, 1995; Manchain: Carcanet Press, 1995.
  • Penguin Modern Poets: Carol Ann Duffy, Vicki Feaver, Eavan Boland. London: Penguin, 1995.
  • An Origin Like Water: Collected Poems 1967–1987. Nua-Eabhrac: Norton, 1996.
  • The Lost Land. Manchain: Carcanet Press, 1998.
  • The Lost Land: Poems.Nua-Eabhrac: Norton, 1998.
  • The Making of a Poem: A Norton Anthology of Poetic Forms. Ed. Eavan Boland agus Mark Strand. Nua-Eabhrac: Norton, 2000.
  • Against Love Poetry. Nua-Eabhrac: Norton, 2001.
  • Code. Manchain: Carcanet Press, 2001.
  • Three Irish Poets: An Anthology: Eavan Boland, Paula Meehan, Mary O’Malley. Ed. Eavan Boland. Manchain: Carcanet Press, 2003.
  • After Every War: Twentieth-Century Women Poets. Trans. Eavan Boland. Princeton, New Jersey: Princeton UP, 2004.
  • New Collected Poems. Manchain: Carcanet Press, 2005.
  • Domestic Violence. Manchain: Carcanet Press, 2007; Nua-Eabhrac: Norton, 2007.
  • Irish Writers on Writing. Ed. San Antonio: Trinity University Press, 2007.
  • Literary Genius: 25 Classic Writers Who Define English & American Literature. Ed. Joseph Epstein. Philadelphia, PA: Paul Dry Books, 2007. (maisithe ag Barry Moser)
  • Selected Poems by Charlotte Mew. Ed. Manchain: Carcanet Press, 2008.
  • New Collected Poems. Nua-Eabhrac: Norton, 2008.
  • The Making of a Sonnet: A Norton Anthology. Eag. ag Edward Hirsch. Nua-Eabhrac: Norton, 2008.
  • A Journey with Two Maps: Becoming A Woman Poet. (aistí phróis) Manchain: Carcanet Press, 2011; Nua-Eabhrac: Norton, 2011
  • New Selected Poems (dánta) Manchain: Carcanet Press, 2013.
  • Eavan Boland: A Poet's Dublin: eagarthóireacht déanta ag Paula Meehan agus Jody Allen Randolph. (dánta) Manchain: Carcanet Press, 2014.
  • A Woman Without A Country (dánta) Manchain: Carcanet Press, 2014; Nua-Eabhrac: Norton, 2014.
  • Eavan Boland: A Poet's Dublin: Eagarthóireacht déanta ag Paula Meehan agus Jody Allen Randolph. (dánta) Nua-Eabhrac: WW. Norton, 2016.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eavan Boland, Jody Allen Randolph, Bucknell University Press, 2014, p. xxii
  2. Poetry Foundation (2020-04-28). "Eavan Boland" (en). Poetry Foundation. Dáta rochtana: 2020-04-28.
  3. Nicola Depuis (2009). "Mná na hÉireann : women who shaped Ireland". Cork: Mercier Press. OCLC 456184558. 
  4. Nicola Depuis (2009). "Mná na hÉireann : women who shaped Ireland". Cork: Mercier Press. OCLC 456184558. 
  5. Nicola Depuis (2009). "Mná na hÉireann : women who shaped Ireland". Cork: Mercier Press. OCLC 456184558.