Bhí Edith Stein (12 Deireadh Fómhair 1891 – 9 Lúnasa 1942) ina fealsamh Gearmánach de shliocht Giúdach. D’iompaigh sí ina Caitliceach agus rinneadh Cairmeileach Díbhrógach di faoin ainm religiúnach Teresa Benedicta a Cruce. Mharaigh na Naitsithe í agus naomhainmníodh mar mhairtíreach í.

Infotaula de personaEdith Stein

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Deireadh Fómhair 1891
Wrocław, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Lúnasa 1942
50 bliana d'aois
Campa Géibhinn Auschwitz II-Birkenau, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisAisficse agus Aigéad hidricianach
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Göttingen
Ollscoil Freiburg
Ollscoil Wrocław Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Áit chónaitheWrocław
Münster
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, oideachas, urnaí agus misteachas Críostaí
Gairmaistritheoir, teangeolaí, múinteoir ollscoile, bean rialta, trodaí frithbheartaíochta, fealsamh, scríbhneoir, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Freiburg Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidEdmund Husserl
TeangachaAn Ghearmáinis
Ord crábhaidhOrder of Discalced Nuns of the Blessed Virgin Mary of Mount Carmel (en) Aistrigh
Ardú
Lá féile9 Lúnasa
9 Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata
Fearann an naoimh nó an déAn Eoraip
Croineolaíocht
7 Lúnasa 1942-8 Lúnasa 1942Transport from Westerbork to Auschwitz Birkenau on 07/08/1942 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: d25b14e0-7735-4270-a76b-c075d5a6a1ef IMSLP: Category:Stein,_Edith Find a Grave: 24879623 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha agus saothar cuir in eagar

Rugadh í in Breslau (Wrocław na Polainne anois) sa tSiléis Íochtarach. Ba chailín meabhrach í. D’iompaigh sí ina haindiachaí agus í ina déagóir, cé gur tógadh i dteaghlach cráifeach Giúdach í. Fuair a hathair bás nuair a bhí sí óg, ach bhí a máthair leagtha amach ar oideachas maith a thabhairt dá clann, agus chuir sí Edith chun Ollscoil Breslau ("Schlesische Friedrich-Wilhelms-Universität").

In Mí Aibreáin 1913 tháinig sí chun Göttingen chun staidéar a dhéanamh sa seimeastar samhraidh le Edmund Husserl. Thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda i Mí Iúil 1914, agus sa bhliain 1915 chuaigh sí ag obair mar bhanaltra deonach de chuid na Croise Deirge in ospidéal galracha tógálacha in Märisch-Weisskirchen. Sa bhliain 1916 chuaigh sí go dtí Freiburg chun a tráchtas ar an Ionbhá a chríochnú: Zum Problem der Einfühlung. Rinneadh dochtúir fealsúnachta (summa cum laude) di ar 3 Lúnasa 1916.[1] Thosaigh sí ag obair mar chúntóir Husserl, agus áitíonn an scoláire John C. Wilhelmsson go raibh tionchar mór aici ar shaothar Husserl ag an am.[2] Rinneadh ball den dámh in Ollscoil Freiburg di agus í ina chúntóir teagaisc ag Husserl, a bhí tar éis aistriú go dtí an ollscoil. Ní chuideodh Husserl léi cur isteach ar chathaoir toisc gur bhean í, agus diúltaíodh dá tráchtas eile, Psychische Kausalität,[3] in Ollscoil Göttingen sa bhliain 1919.

D’iompaigh Stein ina Caitliceach tar éis di dírbheathaisnéis Naomh Treasa d’Avila a léamh sa bhliain 1921. Baisteadh í ar 1 Eanáir 1922, agus bhí sí ina múinteoir i scoil na siúracha Doiminiceacha in Speyer idir na blianta 1923 agus 1931. Chuir sí Gearmáinis ar De Veritate Thomáis Acain. Chuir sí eolas ar fealsúnacht na hEaglaise agus rinne iarracht ar fheiniméaneolaíocht Husserl a chur in oiriúint don Tómachas.

Sa bhliain 1932 rinneadh léachtóir di in Institiúid an Teagaisc Eolaíoch (foras a bhain leis an Eaglais) in Münster, ach bhí uirthi éirí as a post sa bhliain 1933 de dheasca na reachtaíochta frith-Ghiúdaí a rith an rialtas Naitsíoch. Scríobh sí chun an Phápa Pius XI ag cáineadh na Naitsithe agus ag iarraidh air iad a dhamnú os comhair an phobail.

Ní bhfuair sí freagra agus ní fios ar léigh an Pápa a litir.[4] Ach sa bhliain 1937 chuir an Pápa imlitir amach i nGearmáinis (Mit brennender Sorge) ina ndearna sé an Naistsíochas a lochtú, na bealaí ar sáraíodh Concordáid 1933 idir an Ghearmáin agus an Eaglais a liostáil agus an frith-Ghiúdachas a cháineadh.

Chuaigh Stein sna Cairmeiligh Dhíbhrógacha i mainistir S. Maria vom Frieden in Cologne sa bhliain 1933 agus tharraing Teresa Benedicta na Croise uirthi féin mar ainm reiligiúnach. San áit sin a scríobh sí a leabhar meitifisiceach Endliches und ewiges Sein (Beith Fhinideach agus Shíoraí) inar fhéach sí le fealsúnachtaí Thomáis Acain, Duns Scotus agus Husserl a chur in oiriúint dá chéile.

Chuir an tOrd Stein agus a deirfiúr Rosa, a bhí ina ball de na Cairmeiligh freisin, chun mainistir in Echt san Ísiltír chun na Naitsithe a sheachaint. Tar éis go ndearna an Ghearmáin ionradh ar an Ísiltír, chuir Comhdháil na nEaspag Caitliceach Ollannach ráiteas á léamh sna heaglaisí ag cáineadh an chiníochais Naitsíoch ar 20 Iúil 1942. Mar dhíoltas, d’ordaigh Arthur Seyss-Inquart, Reichskommissar na hÍsiltíre, ar 26 Iúil 1942, go ngabhfaí gach iompaitheach Giúdach nár gabhadh go dtí sin. Gabhadh Stein ar 2 Lúnasa 1942, agus cuireadh í féin agus a deirfiúr chun Auschwitz. Chuaigh a hiompar chomh mór sin i gcion ar fheidhmeanach Ollannach a ghabh leis na Naitsithe gur thairg sé cuidiú léi éalú, ach dhiúltaigh sí.[5] Is dócha gur maraíodh Stein agus a deirfiúr i seomra gáis ar 9 Lúnasa 1942.[6]

Bheannaigh an Pápa Eoin Pól II Stein mar mhairtíreach ar 1 Bealtaine 1987 in Cologne agus naomhainmnigh ar 11 Deireadh Fómhair 1998 í. Tá sí ar dhuine de shé éarlamh na hEorpa, in éineacht le Beinidict ó Nursia, Ciril agus Meiteoidias, Bríd na Sualainne agus Caitríona Siena.

Nótaí cuir in eagar

  1. M. Sawicki (2013). "Body, Text, and Science: The Literacy of Investigative Practices and the Phenomenology of Edith Stein". Springer Science & Business Media. 
  2. Wilhelmsson, John Christopher, "The philosophical contributions of Edith Stein." (2007). Master's Theses. 4017. http://scholarworks.sjsu.edu/etd_theses/4017
  3. "Study Guide to Edith Stein's Philosophy of Psychology and the Humanities". Faculty of Philosophy, NUIM, Maynooth.
  4. "This Europe: Letters reveal Auschwitz victim's plea to Pope Pius XI".
  5. "Edith Stein Convert, Nun, Martyr". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Márta 12, 2015. Dáta rochtana: Iúil 7, 2018.
  6. Scaperlanda, María Ruiz (2001). "Edith Stein: St. Teresia Benedicta of the Cross". Our Sunday Visitor Press.