Edward Bunting

ceoltóir agus bailitheoir ceoil Éireannach

Ceoltóir agus bailitheoir ceoil ó Éirinn ba ea Edward Bunting (1773–1843).[1] Bhíodh sé ar a dhícheall ag bailiú sheancheol cláirsí na hÉireann, agus d’fhoilsigh sé neart eolais ar an gcláirseach a chaillfí go deo murach é.

Infotaula de personaEdward Bunting

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1773
Contae Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Nollaig 1843
69/70 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoleolaí, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisPíborgán agus orgán

Musicbrainz: f5fcd9bb-05c9-4ccd-9531-09ab80101b9b Discogs: 4382043 IMSLP: Category:Bunting,_Edward Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Innealtóir mianadóireachta ó Derbyshire i Sasana ab athair dó agus Niallach ó Dhoire ba ea a mháthair. Nuair a cailleadh a athair cuireadh Edward, in aois a sheacht mbliana, a chónaí lena dheartháir Anthony i nDroichead Átha chun ceol a fhoghlaim uaidh. Sa bhliain 1784 cuireadh chun mBéal Feirste é mar chúntóir ag William Ware, orgánaí Theampall Áine i mBéal Feirste, agus i gceann dhá bhliain bhí sé ina ina phrintíseach ag Ware, Rinne sé staidéar ann ar an bpianó agus ar an orgán, agus d’fhoghlaim sé conas pianó a dheisiú agus a atógáil.[2]

Bhí sé ar lóistín i mBéal Feirste le teaghlach McCracken, rud a chuir i dteagmháil le lucht polaitíochta náisiúnaí é. Níos déanaí bhí sé ina orgánaí i roinnt teampall sa chathair, agus bhí an-ghnaoi ag daoine air, cé go raibh sé taghdach. Bheartaigh roinnt daoine uaisle ar fhéile cláirseoirí a chur ar bun i mBéal Feirste, cé nárbh fhéidir ach deichniúr a bhailiú le chéile. Ceapadh Bunting chun ceol a bhreacadh síos ann, agus dealraionn sé gur mhúscail sé seo spéis mhór ann i gceol na hÉireann.[3]

Ba mhinic ag siúl Chúige Uladh, Chúige Mumhan agus Chúige Chonnacht é, agus sa bhliain 1796 d’fhoilsigh sé A General Collection of the Ancient Irish Music, containing a variety of Admired Airs never before published, and also the Compositions of Conolan and Carolan. Collected from the Harpers, &c., in the different provinces of Ireland, and adapted for the Piano-Forte. With a Prefatory Introduction . . . Vol. I. Bhí sé fhonn is seasca ann agus iad gan focail. Sa réamhfhocal deir sé:

It is an extraordinary fact, that although Ireland has from a remote antiquity, been celebrated for its cultivated of Music, and admitted to be one of the parent countries of that delightful art, the present is first General collection of its national airs. Most of them are of such ancient origin, that the names of their authors, and the era in which they were composed, are alike unknown.[4]

Sa bhliain 1809 d’fhoilsigh sé A General Collection of the Ancient Music of Ireland, arranged for the Piano-Forte ; some of the most admired Melodies are adapted for the Voice, to Poetry chiefly translated from the Original Irish Songs, by Thomas Campbell, Esq., and other eminent Poets. To which is prefixed a Historical and Critical Dissertation on the Egyptian, British, and Irish Harps . . . Vol. I. Bhí seacht bhfonn is seachtó sa bhreis ann agus a lán acu faighte ó Dhonnchadh Ó hAmhsaigh, cláirseoir a bhí thar a bheith sean. Bhí focail nua Bhéarla curtha leis na foinn.[5]

Sa bhliain 1820 phós sé cailín de mhuintir Chapman agus chuir faoi i mBaile Átha Cliath le bheith ina orgánaí i dTeampall Sheoirse. Mura bhfuair sé gríosú ó chairde mar George Petrie ní fhoilseodh sé an tríú himleabhar dá chuid. Bhí 160 fonn ann, agus 120 ceann díobh foilsithe den chéad uair.

Fuair sé bás go tobann ar 21 Nollaig 1840 agus cuireadh é i reilig Chnoc Iaróim i mBaile Átha Cliath.

Toradh na hoibre cuir in eagar

Thug Bunting cuntas chomh hiomlán agus ab fhéidir leis ar bhealach seanma na cláirsí sreangthéadaí. Thug sé cuntas ar na nótaí maise, ar an méarú, ar ainmneacha na dtéad, ar chodanna na cláirsí agus ar na cineálacha ceoil. Rinne sé míniú ar an tiúnadh agus ar na modhanna, agus d’áitigh sé ar an gcláirseoir Art Ó Néill a chuimhní cinn a bhreacadh. Os a choinne sin, thug sé neamhaird ar an ordú a tugadh dó gan nóta dár bhailigh sé a athrú. Ní bhreacadh sé síos ach an tséis agus níor thuig, is dócha, a thábhachtaí a bhí an dord mar mhaise ar an gceol.[6] Mar sin féin, chaomhnaigh sé ábhar nach mbeadh teacht anois air murach an obair a rinne sé, agus ar mór an chabhair é don té atá ag iarraidh seinm na cláirsí sreangthéadaí a shaothrú arís.[7]

Nótaí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BUNTING, Edward (1773–1843) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Yeats, lch 56.
  3. Yeats, lgh 16-23.
  4. Bunting 1796, lch 4.
  5. Bunting: Dictionary of National Biography
  6. Yeats, lch 28.
  7. http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/

Tagairtí cuir in eagar

  • Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4

Le léamh cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar