Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá,[1] ab ea EiliosaibeitEilís.[2] Ba chol ceathracha iad Muire agus Eiliosaibeit.[3] Ba dheirfiúracha iad Anna, máthair Mhuire, agus Seismeiria, máthair Eiliosaibeit.[4] Sa Bhíobla, lánúin aosta ba ea Eiliosaibeit agus Zacairiá, agus ní raibh clann ar bith acu; bhí siad ag 'feitheamh go foighneach go gcuirfí plean Dé' i gcrích.[5] Sagart sa Teampall ba ea Zacairiá. Lá amháin nuair a bhí túis á dhó ag Zacairiá ag an altóir, tháinig aingeal ina láthair. Seo an scéal:

Infotaula de personaEiliosaibeit

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 haois "RCh"
Heabrón (Herodian Kingdom of Judea)
Bás1 haois
Ardú
Lá féile5 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachÁrón agus Léivíteach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileZachairias Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEoin Baiste, John the Baptist in Islam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaMuire (luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
An Chuairt Cuir in eagar ar Wikidata

"Mhair sagart darbh ainm Zacairiá agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zacairiá ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. .. dúirt Gaibriéil leis: ‘.. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. .. In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit",[6]

Mar sin, bhí mac ag Eiliosaibeit, Eoin Baiste.

Ealaín cuir in eagar

  • Tá ‘The Visitation’, le feiceáil san Eaglais Naomh Peadair & Phóil i mBaile Brigín, i measc na saothar is fearr a chruthaigh Harry Clarke.[7] Léirítear uirthi cuairt Mháire ar a col ceathrar Eilís, máthair Eoin Baiste.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Zacairiá" ach feictear Zachairias fós". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-11-05.
  2. Matha 11:7-14; Lúcás 1:5-25, 57-79; Íseáia 40:3; Malaicí 3:1
  3. education.dublindiocese.ie. "Beo go Deo 2 / Tearma 1: Ceacht 13". Dáta rochtana: 2021.
  4. Blúire de shoiscéal apacrafúil Gaeilge a breacadh i mBréifne sa 14ú haois. Feasta 64 (12), Nollaig Ó Muraíle. 2011-12-01, Leathanach: 19-23
  5. growinlove.ie. "FAIGHEANN ZACHAIRIAS AGUS EILIOSAIBEIT DEASCÉALA". Dáta rochtana: 2021.
  6. https://www.jw.org/ga/foilseach%C3%A1in/leabhair/ceachtanna-on-mbiobla/11/zachairias-eiliosaibeit-eoin/
  7. "Fuinneoga Harry Clarke" (ga). Fingal County Council. Dáta rochtana: 2021-08-29.