Einsím

aicme de mhóilíní bitheolaíocha le gníomhaíocht catalaíoch

Is bithmhóilíní iad na heinsímí le héifeacht chatalaíoch (.i. méadaíonn siad ráta imoibrithe ceimiceacha). Is próitéiní iad an chuid is mó de na heinsímí.

Gliocsalaigh I Daonna. Tá an dá ian since atá riachtanach ag an einsím, le haghaidh a imoibrithe a chatalú, ar thaispeáint mar sféir corcra, agus tá coscaire einsíme darbh ainm S-heicsiolglútaitión ar thaispeáint mar samhail spáslíonach, ag líonadh dhá láthair ghníomhach.

In imoibrithe einsímeacha, glaoitear substráití ar na móilíní ag tús an phróisis, agus tiontaíonn an einsím iad go móilíní éagsúla, na táirgí.