Is éard atá i gceist le heiseachadadh ná seachadadh duine ó thír amháin go tír eile le go bhféadfaí an dlí a chur air sa dara tír acu, maille leis na himeachtaí cúirte a bhaineann leis. Má fhuadaítear duine beag beann ar na húdaráis sa tír ina bhfuil sé lonnaithe le hé a thabhairt go tír eile chun é a thriail ansin, is éard atá i gceist ná eiseachadadh neamhdhleathach, nó seachadadh urghnách.

Go bunúsach, ní féidir aon duine a aistriú mar sin go tír eile gan chead ó údaráis na tíre ina bhfuil cónaí air, cé go mbeadh cúis mhaith leis. Tá sé riachtanach go bhfuil conradh i bhfeidhm idir an dá thír sin faoi eiseachadadh.

Tá na rialúcháin eiseachadta idir tíortha Aontais Eorpaigh leagtha síos i gCreatchinneadh Barántais Ghabhála na hEorpa. Sa bhliain 2003, reachtaíodh an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 in Éirinn le rialúcháin an Chreatchinnte a chur i bhfeidhm sa bhliain 2004.

Is é is brí le "barántas gabhála Eorpach" ná barántas gabhála a chuireann dualgas ar phóilíní an Aontais Eorpaigh go léir an duine atá i gceist a ghabháil agus a chur go dtí an tír ina bhfuil an dlí le cur air. Níl sé riachtanach imeachtaí cúirte an eiseachadta a thionscnamh, má tá a leithéid de bharántas gabhála amuigh ar an duine.

Le duine a eiseachadadh ó Phoblacht na hÉireann, ní mór na coinníollacha seo leanas a chomhlíonadh:

  • Tá comhaontú eiseachadta sínithe ag Poblacht na hÉireann leis an tír eile, agus é i bhfeidhm.
  • Tá an dlí le cur ar an duine as coir réasúnta trom. Is é sin, ní leor fíneáil páirceála ná seafóid éigin eile den chineál sin le duine a eiseachadadh. Caithfidh sé go bhfuil sé á ionchúiseamh i gcion a nglactar leis mar choir in Éirinn chomh maith leis an tír eile sin (tugtar "déchoiriúlacht" ar an bprionsabal seo), agus ar féidir príosúnacht bliana nó níos faide a ghearradh don chiontóir as sa dá thír. Má tá an chúirt tar éis pionós a ghearradh do mo dhuine cheana féin, ní féidir é a eiseachadadh, mura bhfuil príosúnacht ceithre mhí, ar a laghad, le cur de aige.
  • Ní féidir aon duine a eiseachadadh go tír ina bhfuil sé le caitheamh i dtóin phríosúin ar chúiseanna polaitiúla...
  • ...ná go tír ina bhféadfaí pionós an bháis a ghearradh dó.