Elijah Muhammad

ceannaire reiligiúnach Meiriceánach

Ceannaire Náisiún Ioslam ab ea Elijah Muhammad a rugadh leis an ainm Elijah Robert Poole ar an 7 Deireadh Fómhair, 1897 i Sandersville, Georgia agus a fuair bás ar an 25 Feabhra, 1975. Bhí tionchar nach beag ag Elijah Muhammad ar dheisceabail eile amhail Malcolm X, Louis Farrakhan, Muhammad Ali agus a mhac Warith Deen Mohammed.

Infotaula de personaElijah Muhammad

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-us) Elijah Poole
7 Deireadh Fómhair 1897
Sandersville, Georgia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Feabhra 1975
77 bliana d'aois
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaMount Glenwood Memory Gardens (South) (en) Aistrigh 41°33′24″N 87°36′57″W / 41.556544°N 87.615722°W / 41.556544; -87.615722 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnNáisiún Ioslam
Gníomhaíocht
Gairmministir Moslamach, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileClara Muhammad Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0611247 Discogs: 1142202 Find a Grave: 2478 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Elijah Muhammad ar duine de thriúr dhéag clainne a saolaíodh i mbochtanas i ndeisceart na tíre. Seanmóirí agus feirmeoir ab ea a athair William Poole Sr. (1868–1942) agus bean tí ab ea a mháthair Mariah Hall (1873–1958). Bhí cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta thar a bheith géar sa chuid sin den tír — do dhaoine gorma go háirithe — agus thugadar aghaidh ar na cathracha móra ó thuaidh chun a gcuid a fheabhsú. Shocraíodar in Hamtramck, Michigan agus an Spealadh Mór fós i mbarr a réime.

Agus é i mbun oibre in Detroit fuair Elijah Muhammad an chéad bhlas d'Ioslam ag cruinniú i mí Lúnasa na bliana 1931.

Tagairtí cuir in eagar