Bean Éireannach agus bhean chéile/leannán luí uachtarán Pharagua, Francisco Solano López, ab ea Eliza Alice Lynch Lloyd (rugadh: 19 Samhain 1833, Chorcaí, Éire, bás: 25 Iúil 1886, Páras, An Fhrainc).

Infotaula de personaEliza Lynch

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Eliza Alice Lynch Lloyd
6 Márta 1835
Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Iúil 1886
51 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse ghoile)
Áit adhlacthaAsunción (1961–)
Reilig Père-Lachaise Cuir in eagar ar Wikidata
Céadbhean Pharagua
1862 – 1 Márta 1870 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Teaghlach
CéileFrancisco Solano López Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíFrancisco Solano López Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJuan Francisco Solano López
 ( Francisco Solano López) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Léiríodh í mar an bhean is bithiúnta i stair Mheiriceá Laidinigh. Tugadh “cúirtiseánach uaillmhianach” uirthi, a mheall léiroidhre Rialtas Pharagua, Francisco Solano López, agus a rinneadh deachtóir fuilteach de[1]. Ach ba chuid d'fheachtas bolscaireachta le linn Chogadh Pharagua na líomhaintí seo, agus tuigtear anois nach bhfuil aon bhunús leo. Sa lá inniu ann, deirtear gur “Banlaoch Náisiúnta” i bParagua í.

Saol Óige cuir in eagar

Rugadh Eliza Alicia Lynch i Ráth Luirc, Co. Chorcaigh i 1833. Dochtúir ba ea a hathair John Lynch, agus tháinig a máthair, Jane Clarke Lloyd, as clann oifigigh Cabhlach na Ríoga[2]. Nuair a bhí sí deich mbliana d'aois, bhog an chlann ar fad go Páras chun An Gorta Mór a éalú. Ar an 3ú Meitheamh 1850, pósadh í an toifigeach Francach, Xavier Quatrefages. Cuireadh é san Ailgéir dhíreach tar éis pósadh. Chuaigh sí leis, ach ag 18 bliana d'aois agus a sláinte ag dul in olcas[3], d'fhill sí ar ais go Páras chun cónaí lena mháthair i dteaghlach na Strafford[3]. Bhí an t-ádh léi go cuireadh í in aithne le roinnt daoine, agus tógadh í isteach sa ghrúpa eilit timpeall ar an mBanphrionsa Mathilde Bonaparte. Go tapa, bunaíodh Lynch í féin mar chúirtéiseánach[4].

Deirtear gur bhean dea-chumtha í, an cruth céanna le bandia Júnó, le gruaig fhionn ór agus meangadh tarraingteach. B'fhéidir gurb iad na tréithe a tharraing aird an fear ar cuairt as Meiriceá Theas, an Ginearál Francisco Solano López. I 1854, bliain tar éis a d'fhill Eliza Lynch go dtí na Fraince, bhuail sí leis an Ghinearál, mhac Carlos Antonio López, uachtarán Paragua. Bhí an ginearál óg in oiliúint don Arm Napóilean, agus cheap sé go raibh spéiseanna a thír, thar aon rud eile, an cúis bhunúsach don turas Eorpach. Mar sin féin, thosaigh caidreamh idir Lynch agus López agus de bharr sin, d'fhill sí ar ais leis go Paragua an bhliain chéanna[3].

Paragua cuir in eagar

 
Eliza Lynch

Nuair a tháinig siad go Paragua, ba pháirtí iad Lynch agus López. Ina dhiaidh sin tháinig seisear clainne[3]. Rugadh Juan Francisco "Panchito" López, an páiste is sine, in Asuncion i 1855. Rugadh an páiste deireanach, Leopoldo, i 1867 nuair a bhí Cogadh Paragua ar siúl. Chailleadh é tamaillín ó shin as an dinnireacht, mar gheall ar an saol bocht ag fronta an cogadh.

Tar éis bás a athair C.S. López i 1862, tháinig F.S. López mar uachtaráin Paragua. Mar sin de, deirtear gurb í Eliza Bean an Uachtaráin de facto, mar níor pósadh í féin agus López. Bean is tábhachtach sa tír ab ea í le 15 bliana. Níor pósadh í agus Lopez, ach ag an am céanna, ní raibh an pósadh bailí idir í féin agus Quatrefages de réir an dlí, mar ní bhfuair Quatrefages cead óna Cheannasaí Airm ríomh an pósadh, agus ní raibh aon chlainne idir an mbeirt. Pósadh Quatrefagas arís i 1857 agus tháinig páistí sa phósadh nua[3].

D'fhéadfaí a rá, deirtear gurb ise an fáth a raibh López chomh huaillmhianach. Áfach, i leabhair a scríobh sí i 1876 agus í ina chónaí i mBuenos Aires dar teideal Exposición. Protesta que hace Elisa A. Lynch (Léiriú. Agóid a rinne Elisa A. Lynch)[3], scríobh sí nach raibh aon eolas ná baint ná páirt aici i gcúrsaí polaitiúil. Ina ionad sin, deir sí, thiomnaigh sí a chuid ama le linn an chogaidh ag tabhairt aire do na daoine a gortaíodh agus don lucht leanúna do-áirithe Ginearál López.

Cath Cerro Corá cuir in eagar

Bhí Lynch ag dul in éineacht le López i rith an chogaidh ar fad agus í i gceannas grúpa mná, ar a dtugtar Las Residentas. Bhí an grúpa (mná chéile agus iníon na saighdiúirí, agus daoine eile) ag tabhairt tacaíocht do na saighdiúirí ag troid. Sa ról seo, bhí sí i Cerro Corá ar an 1ú Márta 1870 nuair a maraíodh López faoi dheireadh[3].

Tar éis maraíodh López ó fórsaí na Brasília, chuaigh an namhaid i dtreo na sibhialtaí ag iarraidh iad a ghabhadh. Bhí Juan Francisco, mhac is sine López agus Lynch, in éineacht lena mháthair nuair a mharaíodh a athair. (Ceapadh J.F. ina Coirnéal le linn an cogaidh agus é 15 bliana d'aois.) D'fhéach na oifigigh Brasília brú a chur ar fórsaí López a géilleadh. D'fhreagair Juan Francisco, "Un coronel paraguayo nunca se rinde." (Ní géilleadh Coirnéal Paragua riamh) agus scaoileadh na saighdiúirí é marbh[5]. Ansin léim Lynch suas agus chlúdaigh sí choirp a mhac. Scread sí, ¿Ésta es la civilización que han prometido? (An é seo an sibhialtacht a bhí geallta?)[5] Bhí an ráiteas seo ag tagairt don geallúint a thabhairt na saighdiúirí, ba mhian leo Paragua a éalú ón déactóir agus saoirse agus sibhialtacht a thabhairt don tír. Ansin chuireadh í López agus a mhac faoin talamh lena dhá láimhe agus rinne na saighdiúirí príosúnach di[5].

Saol tar éis an cogadh go dtí a bhás cuir in eagar

Tar éis í a thógadh mar phríosúnach, tugadh í ar bord long darbh ainm Princesa (Gaeilge: Banphrionsa) go dtí Asuncion. Ansin, díbríodh an rialtas sealadach nuabhunaithe (na saighdiúirí Paragua a throid in éadan Arm López) ón tír í[3]. D'fhill sí ar an Eoraip lena bpáistí a bhí fágtha. Tar éis cúig bliana, agus faoi gheall an t-uachtarán toghadh Paragua, Juan Bautista Gill, go mbeidh cead aici teacht ar ais, d'fhill sí go Paragua chun cónaí ann agus chun seilbh a ghlacadh ar a cuid réadmhaoine[3]. Nuair a tháinig sí, áfach, cuireadh os comhair na cúirte í agus díbríodh ón tír í go buan ann ón Uachtarán Gill[3]. Ina dhiaidh sin, scríobh sí an leabhar.

Fuair Eliza Lynch bás i bPáras ar an 25ú Iúil 1886. is beag aithne a bhí uirthi nuair a d'éag sí. Níos mó ná céad bliain ina dhiaidh sin, baineadh a corp as an uaigh agus tugadh ar ais go Paragua é. D'fhógair an Ginearál Alfredo Stroessner gur banlaoch náisiúnta í. Inniu, tá a corp curtha i reilig náisiúnta Pharagua, Cementerio de la Recoleta[3].

Oidhreacht cuir in eagar

Chreid daoine áirithe, go háirithe sa Bhreatain, go raibh sí freagrach an Cogadh Paragua a thosóidh, mar gheall ar a tionchar ar F.S. López. Thug sí isteach roinnt custaim Eorpach sa tsochaí Pharagua agus í ina Bhean an Uachtaráin. Thug sí isteach imeachtaí sóisialta agus clubanna go Paragua freisin. Measadh gur duine lárnach í sa chogadh mar gheall ar an tacaíocht a thug sí do na troithe agus gur fhan sí in aice le López go bun an angair. Thug sí isteach dinnéir oifigiúil na hambasadóirí agus d'ordaigh sí roinnt amhráin a chumadh, London Karape mar shampla. Tá an ceol seo fós beo inniu. D'athraigh sí stíl agus smaoineamh na mná Paragua go dtí a stíl féin[6]. Tugtar Madam/Madama Lynch uirthi i bParagua mar gheall ar tháinig sí as an Eorpach, an fáth gur níor pósadh í López, agus go bhfuil sé intuigthe gur cúirtiséanach í sa saol óige.

Eliza Lynch sa Litríocht cuir in eagar

Neamhficsean cuir in eagar

  • The Shadows of Elisa Lynch - Siãn Rees, Sunday Times. ISBN 0-7553-1115-9
  • The Lives of Eliza Lynch - Michael Lillis, Ronan Fanning, Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, 2009. ISBN 978-0717146116
  • Calumnia: La historia de Elisa Lynch y la guerra de la triple alianza - Michael Lillis y Ronan Fanning, Paragua, 2009 ISBN 978-99953-907-0-9

Ficsean cuir in eagar

Mar gheall ar na heachtraí drámatúil thart ar Eliza Lynch, scríobhtar roinnt leabhar ficsean ar a saol, cé acu atá fíor nó áibhéalach.

Ficsean (Béarla) cuir in eagar

  • Woman on Horseback (1938) - William Edmund Barrett (úrscéal)
  • Demand the World (1990) - Graham Shelby (úrscéal)
  • The Pleasure of Eliza Lynch (2003) - Anne Enright (úrscéal)
  • The News from Paraguay (2004) - Lily Tuck (úrscéal)
  • The Shadows of Eliza Lynch - Sian Rees (Léirmheas Ceannlíne, 6 Eanáir 2003)
  • The Empress of South America - Nigel Cawthorne (William Heinemann, Londain 2003)
  • Madame Lynch and Friend - Alyn Brodsky (Foilsitheoir Harper & Row, Nua-Eabhrac 1975) ISBN 0-06-010487-2
  • Dráma: Visions (1978) - Louis Nowra

Scannáin cuir in eagar

Sa scannán beatháisnéise Eliza Lynch: Queen of Paraguay (2013), ghlac Maria Doyle Kennedy an príomhpháirt[7].

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ronan Fanning, Michael Lillis (2009). "The Lives of Eliza Lynch: Scandal and Courage": 10-12.. Gill & MacMillan. 
  2. Tom Hennigan. "Life of Cork woman and heroine in Paraguay to be featured in TV drama" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-18.
  3. 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 Bareiro Saguier, Ruben; Villagra Marsal, Carlos (2007). "Testimonios de la Guerra Grande. Muerte del Mariscal López. Tomo I" (as Spáinnis): 103-107. Editorial Servilibro, Asuncion, Paraguay.. 
  4. Margaret Nichols ISBN 9780706420340. "The World's Wickedest Women": 34. 
  5. 5.0 5.1 5.2 Bareiro Saguier, Ruben; Villagra Marsal, Carlos. (2007). "Testimonios de la Guerra Grande. Muerte del Mariscal López. Tomo II" (Editorial Servilibro, Asunción, Paraguay): 106-107. 
  6. Lillis, Michael; Fanning, Ronan (2011). "Calumnia. La historia de Elisa Lynch y la Guerra contra la Triple Alianza." (Taurus, ISBN 9789995390761): 243. 
  7. "Eliza Lynch: Queen of Paraguay" .