Elizabeth Campbell (file)

file Astrálach

File Astrálach is ea Elizabeth Campbell. Rugadh in Melbourne in 1980 í. Tá dhá chnuasach dánta dá cuid foilsithe ag John Leonard Press, "Letters to the Tremulous Hand" agus "Error".

Infotaula de personaElizabeth Campbell
Beathaisnéis
Breith1975
48/49 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Fuair Campbell céim onóracha i mBéarla ó Ollscoil Melbourne in 2000. Mhúin sí Béarla in Ardscoil Eltham agus sa The Mac. Robertson Girls' High School in Melbourne.[1]

Tá a cuid filíochta le fáil ina lán duanairí agus tá a lán duaiseanna agus cónaitheachtaí faighte aici. Foilsíodh roinnt dá dánta in 2011 sa duanaire suntasach Australian Poetry Since 1788.

Sliocht cuir in eagar

There was terror already
in her love even before
she knew for sure her lover was the god.

Her forehead
skidded a little on the sweat
of his chest and close to his ear

Semele begged again for proof.
And it didn’t feel like a myth or a metaphor to her
as she burned up with the brightness she saw. (Sliocht as “Semele”[2])

Bhí scéin ina grá
cheana fiú sular thuig sí
go deimhin gurbh é a leannán an dia

sciorr a héadan
beagán ar allas
a uchta agus gar dá chluas

d’agair Seimile cruthúnas arís.
Agus níor shíl sí gur mhiotas nó meafar é
agus í á dó ag an ngile a chonaic sí.

Filíocht cuir in eagar

  • Letters to the Tremulous Hand. (Melbourne: John Leonard Press, 2007)
  • Error. (Melbourne: John Leonard Press, 2011)

Duanairí cuir in eagar

  • The Puncher and Wattman Anthology of Australian Poetry. (Sydney: Puncher & Wattmann, 2010)
  • Australian Poetry Since 1788. Geoffrey Lehmann (ed.), Robert Gray (ed.) (Sydney: UNSW Press, 2011)
  • Young Poets: An Australian Anthology. (Melbourne: John Leonard Press, 2011)

Duaiseanna cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. [1], AustLit: The Australian Literature Resource, 21 May 2014
  2. https://www.poetryfoundation.org/poetrymagazine/poems/89012/from-semele

Naisc sheachtracha cuir in eagar