B'ábhar amhráin í Elizabeth Williams, nó mar is fearr aithne uirthi 'Y Ferch o'r Sger', san amhrán cáiliúil 'Y Ferch o'r Sger (Gaeilge: An Cailín ó Sker)'.

Infotaula de personaElizabeth Williams
Beathaisnéis
Breith1747
Bás1776
28/29 bliana d'aois

Bhí cónaí uirthi sa Tŷ'r Sger (Gaeilge: Teach Sger), in aice le Cynffig, ar an gcósta idir Margam agus Porthcawl i Morgannwg. Deirtear gur thit sí i ngrá leis an gcruitire bocht, Thomas Evans, ach nach raibh muintir s'aicise sásta ligin di é a phósadh. Cuireadh iallach uirthi fear saibhir darb ainm Thomas Kirkhouse ó Gastell-ned a phósadh.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, chum Thomas Evans an t-amhrán Y Ferch o'r Sger:

Mab wyf fi sy'n byw dan benyd
Am f'anwylyd fawr ei bri;
Gwaith fwy'n ei charu'n fwy na digon,
Curio wnaeth fy nghalon i ...

Ainmníodh an scoil 'Ysgol y Ferch o'r Sger', Corneli, Pen-y-bont ar Ogwr (sir) i gcuimhne uirthi.