Eochaidh mac Eochach

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Eochaidh mac Eochach (Meán-Ghaeilge Eochaid mac Echdach) ón mbliain 726 go dtí 733. Eochaidh mac Domhanghairt ba ea a athair.

Infotaula de personaEochaidh mac Eochach
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás733
Ríthe Dhál Riada
726 – 733
← Dúnghal mac SealbaighMuireadhach mac Ainfhaichilligh, Ailpín mac Eochach, Dúnghal mac Sealbaigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAodh Fionn, Fearghas mac Eochach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaidh mac Domhanghairt

Is dócha gur tháinig Eochaidhi gcoróin tar éis dó Dúnghal mac Sealbaigh a chur as. B'fhéidir é go ndearna Sealbhach iarracht a mac a chur ar ais ach is léir nár éirigh leis. Bhí Cath eatarthu ag Irros Foichnae sa bhliain 727.[1]

Níltear ar aon ghuth sna annála ar seoladh cabhlach go hÉirinn chun cabhrú le Flaithbheartach mac Loingsigh in éadan Aodh Allán le linn réimeas Eochach nó a chomharba.

Ina thásc sa bhliain 733, tugtar an teideal rí seachas tuatha Dhál Riada ar Eochaidh,[2] rud a thugann le fios b'fhéidir go raibh sé i réim gan freasúra tar éis cliste Dúnghail agus Sealbhach. Rinneadh níos deireanaí rí Dhál Riada dá mhac, Aodh Fionn.

Ríocht neamhspleách a bhí Dál Riada go dtí an bhliain 736 ar a laghad, mar sin is cinnte é go raibh chomharba (nó chomharbaí) ag Eochaidh, b'fhéidir Muireadhach mac Ainfhaichilligh, a bhí tagtha ina chomharba ar Dúnghal mac Sealbaigh mar rí Chineál Loairn.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 727.3
  2. Annála Tiarnaigh, AT 733.5