Réalteolaí is matamaiticeoir Gréagach ab ea Eodacsas as Cniodas (c 408-c 355 RC). Áireamh fhad na bliana grianda leagtha air. Chuir sé leis an ngeoiméadracht Eoiclídéach freisin. Mac léinn de chuid Phlatón a bhí ann. Tá a chuid saothar ar fad caillte anois, cé go bhfuil míreanna de caomhnaithe i ngluais Hipparcos ar dán de chuid Aratos faoin réalteolaíocht.[1] Is féidir go bhfuil príomhshaothar de chuid Theodóisios Bhitinia, Sféiric, bunaithe ar shaothar a scríobh Eodacsas.

Infotaula de personaEodacsas as Cniodas
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Εὔδοξος ὁ Κνίδιος
Beathaisnéis
Breithc. 408 "RCh"
Knidos (An tSean-Ghréig)
Básc. 355 "RCh"
52/53 bliana d'aois
Knidos (An tSean-Ghréig)
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic agus réalteolaíocht
Gairmmatamaiticeoir, fealsamh, scríbhneoir, tíreolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Ré Heilléanaíoch
Mac/iníon léinn de chuidArchytas, Philistion Locri agus Platón
Mac/iníon léinnMenaechmus, Deinostratos, Chrysippus Cnidos agus Callippus
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Eodocsasː dlí fórsa agus gluaisne

Saol cuir in eagar

Is é "onórtha" nó "a bhfuil dea-ainm air" an chiall atá lena ainm (Sean-Ghréigis: εὔδοξος, as eu "dea-" agus doxa "tuairim, creideamh, cáil"). Tá sé inchurtha leis an ainm úd sa Laidin Benedictus.

Bhaineadh athair Eodocsas, Aeschines as Cniodas, taitneamh as a bheith ag breathnú ar na réaltaí san oíche. Agus é ina ógfhear, thug Eodocsas aghaidh ar Taranto, san Iodáil chun staidéar a dhéanamh faoi Archytas agus d'fhoghlaim sé an mhatamaitic uaidh. Thug sé cuairt ar an tSicil freisin, mar a ndearna sé staidéar ar an leigheas faoi Philistion.

Thart ar 387 RC, in aois a 23 bliana, thaistil sé leis an lia Theomedon, a cheap roinnt daoine a bheith ina leannán aige dar le Diogenes Laërtius,[2] go dtí an Aithin chun staidéar a dhéanamh le lucht leanúna Socraitéas. Sa deireadh d'fhreastail sé ar léachtaí Phlatón agus fealsaimh eile ar feadh roinnt míonna. Tar éis tamaill, áfach d'éirigh idir Eodocsas agus Theomedon. D'fhág sin Eodocsas ar an mblár folamh.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lasserre, François (1966) Die Fragmente des Eudoxos von Knidos (de Gruyter: Berlin)
  2. Diogenes Laertius; VIII.87
  3. Hussey, Matt (2011). "Eodacsas as Cniodas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 247.