Eoghan Ó Comhraí

scoláire Éireannach

Fileolaí agus ársaitheoir Éireannach ba ea Eoghan Ó Comhraí (20 Samhain 179430 Iúil 1862).[1]

Infotaula de personaEoghan Ó Comhraí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Samhain 1794
Dún Átha Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Iúil 1862
67 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile, staraí Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Mac le hEoghan Mór Ó Comhraí agus lena bhean chéile siúd Cáit ba ea é, agus rugadh é ag Dún Átha in aice le Carraig an Chabhaltaigh i gContae an Chláir. Bhí cuid d'Éirinn siúlta ag sean-Eoghan ina mhangaire dó agus bhí suim aige i seanchas agus i gceol.[2] Bhí cnuasach lámhscríbhinní aige, cuid acu ina n-oidhreacht aige agus cuid eile óna láimh féin, agus eisean a mhúin léamh agus scríobh na Gaeilge dá mhac. Rinne Eoghan óg cóipeanna de lámhscríbhinní eile chun cur le cnuasach an bhaile.

 
Caisleán Charraig an Chabhaltaigh láimh le Dún Átha.

Bhí Ó Comhraí ina sclábhaí ar fheirm a athar seal agus ina mhúinteoir seal eile. Scaip an teaghlach de dheasca meath curadóireachta i ndiaidh na bliana 1815, agus timpeall na bliana 1824 chuaigh Ó Comhraí chun Luimnigh, áit ar chaith sé seacht mbliana ag obair in ospidéal meabhairghalar. Lean sé air ag saothrú na teanga, go háirithe nuair a thuig sé a oiread léinn a thug a athair síos i gcré leis. Ar an 3 Deireadh Fómhair, 1824 phós sé Anne Broughton, iníon Sheáin Broughton ó Chaoldoire in aice le Béal an Átha i gContae Luimnigh.[2]

Bhí an t-iomrá le hÓ Comhraí gurbh eolaí ar an nGaeilge agus ar stair na hÉireann é, agus faoin mbliain 1834 ba mhinic é féin agus Seán Ó Donnabháin, scoláire mór eile, ag scríobh chun a chéile. Is amhlaidh gur phós an Donnabhánach Mary Anne Broughton, deirfiúr céile Uí Chomhraí, sa bhliain 1840. Ar mholadh an Donnabhánaigh a fuair Ó Comhraí post i Roinn Dinnseanchais Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann sa bhliain 1835, post a mhair go dtí an bhliain 1842, nuair a scoireadh an Roinn.

Ag obair dó sa Roinn rinne sé taighde i gColáiste na Tríonóide, in Acadamh Ríoga na hÉireann, in Ollscoil Oxford agus i Músaem na Breataine. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag tras-scríobh lámhscríbhinní ar bheagán pá in Acadamh na hÉireann agus i gColáiste na Tríonóide, agus chuidigh sé féin agus an Donnabhánach leis an Irish Archeological Society (a bunaíodh sa bhliain 1840),[3] an Celtic Society agus an Ossianic Society. Eisean a rinne catalóg na lámhscríbhinní i Músaem na Breataine sa bhliain 1849, obair a thuill $100 dó. Ba é Ó Comhraí freisin a thras-scríobh na lámhscríbhinní ar bhain an Donnabhánach a eagrán mór dAnnála Ríochta Éireann astu.[2]

Toghadh é mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é sa bhliain 1851, agus nuair a bunaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann ceapadh ina ollamh le stair agus seandálaíocht na hÉireann é.[2] Chuaigh sé féin agus George Petrie i gcomhar le chéile chun Ancient Music of Ireland (1855) a chur amach, agus mhol sé féin agus an Donnabhánach sa bhliain 1852 go ndéanfaí foclóir sean-Ghaeilge agus meán-Ghaeilge, obair nár thosaigh go dtí an bhliain 1913.[4]

D'fhoilsigh an ollscoil a chuid léachtaí sa bhliain 1860, agus tháinig trí imleabhar léachtaí eile amach tar éis a bháis faoi theideal On the Manners and Customs of the Ancient Irish (1873). Thrascríobh sé an t-uafás ábhair, go háirithe ocht leabhar mhóra faoi sheandlíthe na hÉireann.

Fuair sé bás le taom croí sa bhaile sa bhliain 1862 agus d'fhág beirt mhac agus beirt iníonacha ina dhiaidh. Cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.

Bhí Ó Comhraí i bhfabhar Fhuascailt na gCaitliceach agus bhain sé an-sásamh as toghadh Dhónaill Uí Chonaill mar Fheisire sa bhliain 1828.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó COMHRAÍ, Eoghan (1794–1862) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "O'Curry, Eugene [Eoghan Ó Comhraidhe, Eoghan Ó Comhraí (1794–1862), Irish scholar]" (en). Oxford Dictionary of National Biography. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  3. http://books.google.com/books/about/The_miscellany_of_the_Irish_Archaeologic.html?id=M4WP_Q0HOTwC: The Miscellany of the Irish Archaeological Society.
  4. Críochnaíodh an obair sa bhliain 1976: http://www.dil.ie/ Electronic Dictionary of the Irish Language.

Saothair cuir in eagar

  • The Ancient Laws of Ireland, ar son Choimisiún an Fhéineachais in éineacht le Seán Ó Donnabháin.
  • Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History (1861).

Naisc sheachtracha cuir in eagar