Is é an t-eoraipiam dúil uimhir a 63, agus is é Eu an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Ceann de na lantanóidigh agus de na miotail thearc-chré atá ann. Miotal insínte atá ann, agus é chomh bog leis an luaidhe. Faoi bhrú ard (80 GPa) agus le teocht an-lag (1.8 K), iompóidh sé ina fhorsheoltóir, is é sin, caillfidh sé a fhriotaíocht in aghaidh an tsrutha leictrigh go hiomlán. Bíonn na lantanóidigh go léir an-imoibríoch, ach is é an t-eoraipiam an ceann acu is fonnmhaire a imoibreoidh le dúile eile, le hocsaigin an atmaisféir agus leis an uisce féin.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachEoraipiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Eoraipiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachEu
Uimhir adamhach63
Mais adamhach151.964
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.2
Ga ianach1.17, 1.25, 1.35, 0.95 agus 1.07
Stair
AimsitheoirEugène-Anatole Demarçay
Fionnachtain1901
EapainmAn Eoraip

Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an eoraipiam ina chuid comhdhúile, +II agus +III, agus bíonn an uimhir ocsaídiúcháin +II níos coitianta ná +III. Mar sin, ní lantanóideach tipiciúil é an t-eoraipiam. Na comhdhúile ina bhfuil an chéad uimhir ocsaídiúcháin ag an eoraipiam, bíonn siad an-chosúil le comhdhúile an bhairiam. Miotal cré-alcaileach é an bairiam nach bhfuil ach an uimhir ocsaídiúcháin +II aige.

Bíonn comhdhúile dénártha (comhdhúile dhá dhúil) den dá chineál ag an eoraipiam leis na neamh-mhiotail is tábhachtaí: déchlóiríd eoraipiam EuCl2 agus tríchlóiríd eoraipiam EuCl3, défhluairíd eoraipiam EuF2 agus trífhluairíd eoraipiam EuF3, débhróimíd eoraipiam EuBr2 agus tríbhróimíd eoraipiam EuBr3, dé-iaidíd eoraipiam EuI2 agus trí-iaidíd eoraipiam EuI3, aonocsaíd eoraipiam EuO, trí-ocsaíd dé-eoraipiam Eu2O3, agus an ocsaíd mheasctha Eu3O4. Leis an sulfar agus leis an seiléiniam, abair, is é +II an t-aon uimhir ocsaídiúcháin atá ag an eoraipiam de ghnáth: féach an aonsuilfíd eoraipiam EuS agus an aonseiléiníd eoraipiam EuSe.

Tá sé réasúnta furasta eoraipiam a dhealú ó na lantanóidigh eile, toisc go bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin sin +II chomh coitianta sin aige. Ar an gcúis chéanna, áfach, bíonn an t-eoraipiam níos teirce sna mianraí tipiciúla lantanóideacha. Is í an bhastnaeisít an fhoinse eoraipiam is fearr. Tugtar aimhrialtacht eoraipiam ar theirce an eoraipiam i gcoibhneas na lantanóideach eile, agus is coincheap tábhachtach é sa gheocheimic, nó cuireann sé ar chumas na ngeolaithe tuairimíocht a dhéanamh maidir leis an dóigh ar shioc an laibhe go cloch. Tá sé de chlaonadh san eoraipiam carnadh sna plagacláis, agus an-suim ag na geolaithe sna plagacláis mar fhoinse thábhachtach eolais i dtaobh na n-imeachtaí geolaíocha anallód.

Is é an meáchan adamhach atá ag an eoraipiam ná 151.964, ach cuireann an meáchan sin ar strae thú maidir le hiseatóip na dúile seo, nó níl eoraipiam a 152 ar fáil sa dúlra - iseatóp saorga radaighníomhach é sin. Le fírinne, tá eoraipiam an dúlra comhdhéanta as dhá iseatóp ar an dá thaobh den mheáchan adamhach: eoraipiam a 151 agus eoraipiam a 153. Tá siad beagnach chomh flúirseach le chéile: seasann an chéad cheann acu do 47.8 % den eoraipiam nádúrtha, agus is é an dara ceann atá sa chuid eile. Tá eoraipiam a 151 beagáinín radaighníomhach, ach tá leathré chomh fadaraíonach aige (5,000,000,000,000,000,000 bliain, nó cúig chuintilliún bliain) is gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar