Deireadh 'gan phian' a chur le beatha duine is ea eotanáis, mar "ghníomh trócaire" chun deireadh a chur le pian ainsealach is fulaingt gan staonadh.[2] Chiallódh eotanáis gur dochtúir (nó duine cáilithe eile) a dhéanfadh an gníomh nuair nach mbeadh an té atá i gceist ábalta é a dhéanamh é féin (chiallódh féinmharú cuidithe[3] gurb é an té a dteastaíonn uaidh bás a fháil, gurb é a chuirfeadh deireadh lena shaol féin).[4] Tarlaíonn cásanna féinmharaithe le cabhair dochtúra, mar shampla, othar le tinneas foirceanta a fhaigheann b'fhéidir dáileog mharfach drugaí ó lia.[2][5]

Voluntary Euthanasia Society[1]

Conspóid cuir in eagar

Is ceist chonspóideach eitice í seo sa mhíochaine agus i gcoitinne. Mar sin féin rinneadh an cleachtas dleathach i stáit áirithe de na Stáit Aontaithe sna 1990idí, agus san Ollainn is an Bheilg, sa bhliain 2002.[2] Tá daoine agus eagraíochtaí i dtíortha eile a mholann eotanáis do dhaoine a bhfuil a ndúil sa bheatha caillte acu, mar shampla, de thoradh míchumais nó galair fhorchéimnithigh gan leigheas b'fhéidir.

Ach deir daoine eile is leor feabhas a chur ar chúram maolaitheach agus de réir an cháis, támhú maolaitheach a chur i bhfeidhm. Tá gach duine agus teaghlach difriúil, agus cuireann an fhoireann leighis cineálacha éagsúla tacaíochta ar fáil, sna tíortha nach bhfuil an eotanáis dleathach, ag brath ar riachtanais do dhaoine.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Anna Hiatt (2016-01-06). "The History of the Euthanasia Movement | JSTORY Daily" (en-US). JSTOR Daily. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  2. 2.0 2.1 2.2 Hussey, Matt (2011). "Eotanáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
  3. Béarla: assisted suicide nó assisted death
  4. Nuacht RTÉ (2024-03-07). "Coiste Oireachtais ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú" (as ga-IE). 
  5. Bearnaí Ó Doibhlin (M.F. 2014). "An Eotanáis Thoilteanach - Cinneadh Misniúil de Dhíth" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-03-07.
  6. "Palliative care" (as en) (2024-02-10). Wikipedia. 
  7. "Palliative sedation" (as en) (2024-02-12). Wikipedia. 
  8. "Hospice and palliative medicine" (as en) (2023-08-12). Wikipedia. 
  9. "Right to die" (as en) (2024-02-24). Wikipedia.